Eagraíocht chultúrtha thábhachtach is ea an Taibhdhearc, ní hamháin do phobal na Gaeilge agus do chreatlach chultúrtha Chathair na Gaillimhe, ach freisin don earnáil taibhealaíon ós rud é gur sa Taibhdhearc a fhaigheann mórán aisteoirí agus ball foirne léiriúcháin a dtaithí thosaigh sula mbogann siad ar aghaidh chun deiseanna eile a fháil san earnáil taibhealaíon. Tuigtear dom gur mian leis an Taibhdhearc glúin úr aisteoirí agus baill foirne léiriúcháin a mhealladh trí fhorbairt a dhéanamh ar rannpháirtíocht na hóige leis an drámaíocht.
Aithníonn mo Roinn an tábhacht atá le hinmharthanacht na Taibhdheirce agus le struchtúr sásúil maoinithe a bheith i bhfeidhm chun dea-reáchtáil na hamharclainne a chinntiú ar mhaithe le hearnáil bhisiúil amharclannaíochta inár dteanga náisiúnta.
Cuireann mo Roinn maoiniú bliantúil €320,000 ar fáil don Taibhdhearc agus rachaidh an comhaontú trí bliana reatha in éag in 2023. Tosaíocht don Rialtas sa Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge, 2018-2022 is ea an maoiniú ilbhliantúil sin.
Tá oifigigh mo Roinne i mbun plé le Bord na Taibhdheirce le roinnt míonna anuas maidir leis na féidearthachtaí i dtaobh maoiniú don amharclann sna blianta seo romhainn, lena n-áirítear ó fhoinsí eile maoinithe. Agus an plé seo críochnaithe, déanfar cinneadh maidir maoiniú na heagraíochta do na blianta amach romhainn.