Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Maoiniú d'Eagrais Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 29 September 2022

Thursday, 29 September 2022

Ceisteanna (37)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

37. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cé na céimeanna atá glactha aici chun cloí le cás maoinithe amharclann agus chomplacht náisiúnta drámaíochta na Gaeilge, An Taibhdhearc, chun a ról a chaomhnú agus a fhorbairt; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [47285/22]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Eagraíocht chultúrtha thábhachtach is ea an Taibhdhearc, ní hamháin do phobal na Gaeilge agus do chreatlach chultúrtha Chathair na Gaillimhe, ach freisin don earnáil taibhealaíon ós rud é gur sa Taibhdhearc a fhaigheann mórán aisteoirí agus ball foirne léiriúcháin a dtaithí thosaigh sula mbogann siad ar aghaidh chun deiseanna eile a fháil san earnáil taibhealaíon. Tuigtear dom gur mian leis an Taibhdhearc glúin úr aisteoirí agus baill foirne léiriúcháin a mhealladh trí fhorbairt a dhéanamh ar rannpháirtíocht na hóige leis an drámaíocht.

Aithníonn mo Roinn an tábhacht atá le hinmharthanacht na Taibhdheirce agus le struchtúr sásúil maoinithe a bheith i bhfeidhm chun dea-reáchtáil na hamharclainne a chinntiú ar mhaithe le hearnáil bhisiúil amharclannaíochta inár dteanga náisiúnta.

Cuireann mo Roinn maoiniú bliantúil €320,000 ar fáil don Taibhdhearc agus rachaidh an comhaontú trí bliana reatha in éag in 2023. Tosaíocht don Rialtas sa Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge, 2018-2022 is ea an maoiniú ilbhliantúil sin.

Tá oifigigh mo Roinne i mbun plé le Bord na Taibhdheirce le roinnt míonna anuas maidir leis na féidearthachtaí i dtaobh maoiniú don amharclann sna blianta seo romhainn, lena n-áirítear ó fhoinsí eile maoinithe. Agus an plé seo críochnaithe, déanfar cinneadh maidir maoiniú na heagraíochta do na blianta amach romhainn.

Barr
Roinn