Faoi mar a chur mé in iúl roimhe seo i gCeist Pharlaiminte 32232/22 , rinne mé plean teanga an Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta: Bearna agus Cnoc na Cathrach a fhaomhadh faoin bpróiseas pleanála teanga i mí Bealtaine 2021.
I mí Meithimh na bliana seo, d’fhógair Údarás na Gaeltachta go rabhthas ag lorg áisitheora chun tacú leis an eagraíocht an próiseas pleanála teanga a thabhairt céim chun cinn sa LPT seo.
Tuigtear don Roinn ó Údarás na Gaeltachta, atá freagrach as feidhmiú an phróisis ar an talamh sa Ghaeltacht, gur cheapadh duine i mí Iúil chun seirbhísí áisitheoireachta, meantóireachta agus comhairleoireachta a chur ar fáil d’ionadaithe Choiste Pleanála Teanga Bhearna agus Chnoc na Cathrach le cuidiú le baill an choiste an pobal a mhealladh agus a spreagadh le bheith páirteach sa bpróiseas pleanála teanga agus le tacú leo struchtúr foirmiúil a bhunú leis an bplean teanga atá ceadaithe don limistéar a fheidhmiú.
Tuigtear freisin go bhfuil Údarás na Gaeltachta ag súil go bhféadfar struchtúr foirmeálta a bhunú sa Limistéar Pleanála Teanga agus post d’Oifigeach Pleanála Teanga a fhógairt roimh dheireadh na bliana seo.