Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Pleanáil Teanga

Dáil Éireann Debate, Thursday - 29 September 2022

Thursday, 29 September 2022

Ceisteanna (43)

Catherine Connolly

Ceist:

43. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maidir le Ceist Pharlaiminte Uimhir 25 den 21 Meitheamh 2022, an ndearbhóidh sí go bhfuil oifigeach pleanála teanga ceaptha i mBearna agus Cnoc na Cathrach; an ndéanfaidh sí soiléiriú a thabhairt ar stádas chur i bhfeidhm Phlean Teanga Bhearna agus Chnoc na Cathrach; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [47572/22]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Faoi mar a chur mé in iúl roimhe seo i gCeist Pharlaiminte 32232/22 , rinne mé plean teanga an Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta: Bearna agus Cnoc na Cathrach a fhaomhadh faoin bpróiseas pleanála teanga i mí Bealtaine 2021.

I mí Meithimh na bliana seo, d’fhógair Údarás na Gaeltachta go rabhthas ag lorg áisitheora chun tacú leis an eagraíocht an próiseas pleanála teanga a thabhairt céim chun cinn sa LPT seo.

Tuigtear don Roinn ó Údarás na Gaeltachta, atá freagrach as feidhmiú an phróisis ar an talamh sa Ghaeltacht, gur cheapadh duine i mí Iúil chun seirbhísí áisitheoireachta, meantóireachta agus comhairleoireachta a chur ar fáil d’ionadaithe Choiste Pleanála Teanga Bhearna agus Chnoc na Cathrach le cuidiú le baill an choiste an pobal a mhealladh agus a spreagadh le bheith páirteach sa bpróiseas pleanála teanga agus le tacú leo struchtúr foirmiúil a bhunú leis an bplean teanga atá ceadaithe don limistéar a fheidhmiú.

Tuigtear freisin go bhfuil Údarás na Gaeltachta ag súil go bhféadfar struchtúr foirmeálta a bhunú sa Limistéar Pleanála Teanga agus post d’Oifigeach Pleanála Teanga a fhógairt roimh dheireadh na bliana seo.

Barr
Roinn