Ó Eanáir 2014, tá freagracht reachtúil ar Uisce Éireann as gach gné de phleanáil, de sholáthar agus d’oibriú na seirbhísí uisce ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil. Mar chuid dá chúrsaí oibriúcháin, tá sé de fhreagracht ar Uisce Éireann Achtanna na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus 2021 a chomhlíonadh, agus níl aon fheidhm agamsa maidir leis an ábhar seo. Tá foireann thiomanta bunaithe ag Uisce Éireann chun déileáil le huiríll agus fiosrúcháin ó ionadaithe poiblí. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an bhfoireann trí ríomhphost chuig oireachtasmembers@water.ie nó ar an teileafón ar uimhir tiomnaithe, 0818 578 578.