Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 4 October 2022

Tuesday, 4 October 2022

Ceisteanna (312)

Chris Andrews

Ceist:

312. Deputy Chris Andrews asked the Minister for Housing, Local Government and Heritage an ndéanfaidh sé teagmháil le hUisce Éireann maidir lena gceanglais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021. [48554/22]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Ó Eanáir 2014, tá freagracht reachtúil ar Uisce Éireann as gach gné de phleanáil, de sholáthar agus d’oibriú na seirbhísí uisce ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil. Mar chuid dá chúrsaí oibriúcháin, tá sé de fhreagracht ar Uisce Éireann Achtanna na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus 2021 a chomhlíonadh, agus níl aon fheidhm agamsa maidir leis an ábhar seo. Tá foireann thiomanta bunaithe ag Uisce Éireann chun déileáil le huiríll agus fiosrúcháin ó ionadaithe poiblí. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an bhfoireann trí ríomhphost chuig oireachtasmembers@water.ie nó ar an teileafón ar uimhir tiomnaithe, 0818 578 578.

Barr
Roinn