Skip to main content
Normal View

Scéimeanna Rannach

Dáil Éireann Debate, Thursday - 10 November 2022

Thursday, 10 November 2022

Questions (226)

Éamon Ó Cuív

Question:

226. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cé na deontais nua nó meadaithe atá ar fáil do theaghlaigh a choinníonn scoláirí faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge i mbliana agus i 2023 [55915/22]

View answer

Written answers

D’fhógair mé le gairid go bhfuil iarratais á nglacadh anois ag mo Roinn ar dheontas tosaithe aon uaire ar fiú suas le €6,000 ó theaghlaigh a chláraíonn den chéad uair chun lóistín a chur ar fáil do chóras na gcoláistí Gaeilge.  In éindí leis an dara ardú in imeacht bliana ar an deontas a íocann mo Roinn le lucht lóistín an chórais faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge de chuid na Roinne, d'fhógair me an beartas faoi leith seo le gairid mar thaca breise do chóras na gcoláistí Gaeilge.   Is é cuspóir an deontais ardaithe seo - ar fiú suas le €6,000 é nó 80% den chostas inghlactha cibé acu is lú - tuilleadh teaghlaigh cháilithe Ghaeltachta a spreagadh chun lóistín a chur ar fáil do lucht freastail na gcoláistí Gaeilge.

In éindí le costais faoi leith maidir le fearais maolaithe agus measúnú dóiteáin a bheith san áireamh chun críche deontais, beidh troscán áirithe inghlactha feasta faoi. 

Ní call dom a rá gur cúis áthais dom go bhfuil iarratais á nglacadh anois ag an Roinn ar an deontas ardaithe seo atá trí oiread níos mó ná mar a bhí sé. De thoradh seo agus n-arduithe ar fiú 20% iad a d’fhógair mé cheana ar an deontas a íoctar le lucht lóistín an chórais faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge de chuid na Roinne, táim sásta go bhfuil mo Roinn ag cabhrú go suntasach le bonn níos láidre fós a chur faoi earnáil na gcoláistí Gaeilge.

Top
Share