Níl sé beartaithe ag mo Roinn a leithéid de scéim atá luaite ag an Teachta a bhunú. É sin ráite leanfaidh an Roinn, Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus eagraíochtaí éagsúla Gaeltachta agus Gaeilge a fhaigheann cúnamh ón státchiste ag cur chun feidhme an raon leathan scéimeanna, bearta, cláir agus tacaíochtaí atá idir lámha cheana féin chun cúram a dhéanamh de chur chun cinn na Gaeltachta mar fhearann dúchais na teanga.
Tugtar spléachadh faoina bhfuil ar bun agus beartaithe maidir leis seo uile sa tríú tuairisc bhliaintúil (2021) ar fheidhmiú Phlean Gníomhaíochta an Rialtais don Ghaeilge - a foilsíodh ar 3 Samhain 2022.