Ar mhaithe le tacú tuilleadh le cur chun cinn na n-ealaíon teangabhunaithe mar thaca breise d'fhorfheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus an Phlean Gníomhaíochta 2018-2023 lena mbaineann, rinne mo Roinn, i gcomhar le hÉire Ildánach, tuairisc a choimisiúnú faoin ábhar in 2018. Is é Ollscoil Luimnigh a ceapadh don chúram le maoiniú ón Roinn agus Éire Ildánach.
Tá obair ullmhúcháin idir lámha ag mo Roinn faoi láthair i gcomhar le páirtithe leasmhara ina leith i dtreo an tuairisc agus gníomhaíochtaí molta a fhoilsiú roimh dheireadh na chéad ráithe i mbliana. Chun tacú le dlús a chur le feidhmiú príomh-mholtaí na tuairisce, tá cistíocht faoi leith aitheanta agus curtha go leataobh ina leith i mbuiséad 2023.
Comhthreomhar leis seo uile, cuirtear maoiniú faoi leith ar fáil ar bhonn leanúnach chun tacú le cur chun cinn na n-ealaíon teangabhunaithe mar thaca don phróiseas pleanála teanga. I measc na n-eagraíochtaí a gcuirtear an maoiniú seo ar fáil dóibh chun tacú lena gcláir oibre a mbíonn baint dhíreach nó tánaisteach aige leis na healaíona, tá Ealaín na Gaeltachta, An Cumann Scoldrámaíochta, an tOireachtas, Tuismitheoirí na Gaeltachta, Comhar Naíonraí na Gaeltachta agus An Taibhdhearc.
Mar chuid den phleanáil chun tosaigh atá idir lámha ag mo Roinn maidir le gnóthaí i réimse na n-ealaíon sa Ghaeltacht, tá plé ar bun faoi láthair i dtreo a bheith in ann beart breise a fhógairt go luath.