Aengus Ó Snodaigh
Question:357. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais soiléiriú a thabhairt ar na figiúirí atá luaite sna Táscairí Oideachais a foilsíodh an 6 Feabhra, ina bhfuil sé luaite go bhfuil 8.1% de dhaltaí bunscoile agus 3.6% de dhaltaí iar-bhunscoile ag freastal ar scoil lánGhaeilge, agus an léargas ar sholáthar don oideachas lánGhaeilge lasmuigh den Ghaeltacht a foilsíodh mar chuid den phróiseas comhairliúcháin ar an mbeartas don oideachas lánGhaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, mar a bhfuil sé luaite go bhfuil 7% de dhaltaí bhunscoileanna agus 2.8% de dhaltaí iar-bhunscoileanna ag freastal ar scoil lánGhaeilge, go háirithe an féidir léi a dheimhniú go mbaineann na figiúirí níos airde sna Táscairí Oideachais leis an nGaeltacht a bheith san áireamh agus sonraí a thabhairt ar cé mhéad daltaí go díreach atá i gceist. [7090/23]
View answer