Skip to main content
Normal View

Scoláireachtaí Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 2 March 2023

Thursday, 2 March 2023

Questions (205)

Éamon Ó Cuív

Question:

205. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén fáth nach ndéantar íocaíocht leis na teaghlaigh a bhíonn ag coinneáil scoláirí faoin scéim scoláireachta chuig scoileanna dara leibhéal ar na hoileáin ar laethanta nach bhfuil na scoláirí ann de bharr drochaimsire, tinneas, cluichí agus turais scoile de bharr go mbíonn orthu na seomraí a choinneáil dóibh na laethanta sin agus go mór mór le drochaimsir agus tinneas, is minic go dtarlaíonn sé sin gan choinne; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [10735/23]

View answer

Written answers

Faoin tionscnamh ÁRAINN Gaeltachta ar cuireadh tús leis in 2007, cuirtear ciste ar fáil ar fiú suas le €150,000 in aghaidh na bliana chun gur féidir le suas le 30 scoláire iar-bhunscoile in aghaidh na bliana, scoilbhliain iomlán a chaitheamh ag freastal ar aon cheann den trí iar-bhunscoil ar na hoileáin Árann.

Íoctar deontas laethúil €33 faoin scéim seo le teaghlaigh atá cláraithe faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge/ÁRAINN Gaeltachta as na hoícheanta a chaitheann scoláirí ar iostas leo.  Ní íoctar aon chúiteamh as tréimhse neamhláithreachta scoláirí a théann abhaile de bharr tinnis ná cúiseanna eile.

Leagtar é seo uile amach sna coinníollacha a bhaineann leis an mbeart a bhfuil cóip díobh faigthe acu siúd a chuireann an lóistín ar fáil.

Tá iarrtha agam ar oifigigh na Roinne breathnú ar na coinníollacha atá i bhfeidhm faoin togra féachaint cad is gá agus is féidir a dhéanamh le feabhas a chur ar an scéim.

Top
Share