Skip to main content
Normal View

Calafoirt agus Céanna

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 21 March 2023

Tuesday, 21 March 2023

Questions (384)

Éamon Ó Cuív

Question:

384. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maidir lena polasaí i leith fhorbairt Chalafort Ros a’ Mhíl ar fad agus an cheantair timpeall air chun deiseanna fostaíochta a chruthú sa cheantar láidir Gaeltachta sin; ar thug sí treoir d’Údarás na Gaeltachta maidir le plean forbartha cuimsitheach a réiteach don talamh atá ag an Údarás ansin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [13072/23]

View answer

Written answers

Is í an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara atá freagrach mar Roinn Stáit as gnóthaí mara agus as forbairt fhoriomlán chalafort Ros an Mhíl dá réir.I gcomhthéacs na freagrachta atá ar Údarás na Gaeltachta maidir le gnóthaí fiontraíochta agus fostaíochta a chur chun cinn sa Ghaeltacht, tuigtear don Roinn go ndearna an tÚdarás, as a stuaim féin, tuarascáil dar teideal: Ros a Mhíl, Zón Straitéiseach Fiontraíochta a sheoladh le gairid.

Luaitear inti go bhféadfadh ról an-tábhachtach a bheith ag Ros an Mhíl i bhforbairt fuinneamh gaoithe amach ó chósta na hÉireann agus go bhféadfadh sé a bheith ar cheann de na calafoirt is tábhachtaí mar a bhaineann sé leis an réimse sin.

Top
Share