Skip to main content
Normal View

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 21 March 2023

Tuesday, 21 March 2023

Questions (385)

Éamon Ó Cuív

Question:

385. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an ndearna duine (sonraí tugtha) iarratas chuig Údarás na Gaeltachta ar cheart slí trí thalamh an Údaráis le haghaidh gnó, bunaithe ar acmhainn nádúrtha a fhorbairt; an bhfuil sé i gceist ag an Údarás an ceart slí a ghéilleadh agus, i gcás nach bhfuil, cén fáth; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [13073/23]

View answer

Written answers

Is í an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara atá freagrach mar Roinn Stáit as gnóthaí mara agus as forbairt fhoriomlán chalafort Ros an Mhíl dá réir. É sin ráite, is in úinéireacht Údarás na Gaeltachta atá roinnt den talamh gar don chalafort sa cheantar.

Tuigtear don Roinn go bhfuil dhá cheadúnas eisithe ag Údarás na Gaeltachta i leith úsáid bóthair de chuid na heagraíochta i Ros an Mhíl agus go bhfuil aontú in áit leis an Roinn Talamhaíochta, Bia agus Mara maidir le ceann de na ceadúnais. Tá an tÚdarás ag fanacht ar aontú maidir leis an gceann eile.

Tá curtha in iúl ag an Údarás dom go ndéantar nithe éagsúla a mheas agus iarratais ar cheadúnais mar seo á mbreithniú ag an eagraíocht agus go mbeidh cead Bhord an Údaráis ag teastáil sa chás seo.

Top
Share