Skip to main content
Normal View

Cúrsaí Oidhreachta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 23 March 2023

Thursday, 23 March 2023

Questions (214)

Éamon Ó Cuív

Question:

214. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an bhfuil sé i gceist aige an comhartha talún “Toit Chonáin” (GA091-012), a théann i bhfad siar sa stair (8,000 bliain), i gCaorán na gCearc, Baile na hAbhann, Contae na Gaillimhe, a shainainmniú ina Shéadchomhartha Náisiúnta agus na cosaintí iomchuí a thabhairt dó dá réir, chun é a chosaint ó chreimeadh cósta agus oibriú farraige; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [14384/23]

View answer

Written answers

Tá an séadchomhartha atá i gceist ar eolas ag Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta i mo Roinnse agus tá cosaint dhlíthiúil aige toisc é a bheith san áireamh i dTaifead reachtúil na Séadchomharthaí agus na nÁiteanna arna bhunú faoi alt 12 d’Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta (Leasú), 1994. Toisc go bhfuil an séadchomhartha faoi úinéireacht phríobháideach agus nach bhfuil sé faoi mo chaomhnóireacht, níl aon ról dlíthiúil agam faoi láthair maidir le cothabháil nó caomhnú a dhéanamh air. Níl aon phróiseas faoi Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta chun séadchomharthaí náisiúnta a ainmniú go foirmiúil. I gcásanna ina bhfuilim den tuairim go bhfuil tábhacht náisiúnta ag baint le séadchomhartha (i.e. séadchomhartha náisiúnta) is féidir liom Ordú um Chaomhnú a dhéanamh ina leith má mheasaim go bhfuil sé i mbaol. Mar sin féin, fiú ansin ní bheadh ról agam maidir lena chothabháil agus a chaomhnú mura ndéanfaí úinéir nó caomhnóir díom. Mar atá cúrsaí faoi láthair, is é an chéad chéim chuí ná go ndéanfadh Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta iniúchadh ar an séadchomhartha agus breithniú ar na bearta a d’fhéadfadh a bheith oiriúnach agus praiticiúil sna himthosca. Beidh toradh an iniúchta sin, a thuigtear dom a dhéanfar go luath, mar bhonn eolais do ghníomhaíocht bhreise sa chás seo.

Top
Share