Skip to main content
Normal View

Cúrsaí Oidhreachta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 23 March 2023

Thursday, 23 March 2023

Questions (215)

Éamon Ó Cuív

Question:

215. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ccathain a dheiseofar an dochar a rinneadh don reilig ag an Maoilinn (GA023-002) i bPáirc Náisiúnta Chonamara dhá bhliain ó shin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [14385/23]

View answer

Written answers

Le linn gnáthobair chothabhála/athsholáthair fálta a dhéanamh laistigh de Pháirc Náisiúnta Chonamara, rinne conraitheoir rianú gairid ar chuadrothar ar fud rian a bhí ag suíomh reilig an Mhaoilinn (GA023-023002) cheana féin. Thug seandálaí a raibh taithí chuí aige/aici ó Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta cuairt ar an suíomh ar an 25 Samhain 2021. Ba é tátal na tuarascála a d’eascair as seo ná go raibh loirg de rochtain feithicle ó chuadrothar le feiceáil feadh an riain ag suíomh na reilige. Cé nach raibh aon fhianaise infheicthe de shuaitheadh suntasach ann, tugadh faoi deara go raibh líon beag clocha curtha as a n-áit. Níl sé soiléir, áfach, má tharla sé sin fad a bhí an cuadrothar ag trasnú an riain nó an raibh tionchair eile i gceist. Tuigeann an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS) go bhfuil siúlóirí cnoic, tréada beostoic agus caorach ag baint níos mó úsáide as limistéar an Mhaoilinn, go háirithe ar an rian a ritheann in aice le suíomh na reilige. Agus aird á tabhairt air sin, tá an NPWS ag smaoineamh ar athródú a dhéanamh ar an mbóthar atá ann cheana féin lena chinntiú go mbeidh an reilig faoi chosaint fós. Tá an NPWS i dteagmháil freisin le Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta i ndáil leis an ábhar sin agus déanann ball foirne i bPáirc Náisiúnta Chonamara monatóireacht rialta ar an suíomh.

Top
Share