Skip to main content
Normal View

Scoláireachtaí Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 24 May 2023

Wednesday, 24 May 2023

Questions (106, 107)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

106. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an ndéanfaidh sí tábla a sholáthar lena ndéantar briseadh síos ar líon na ndaltaí scoile in aghaidh na bliana a fuair scoláireacht chun freastal ar choláiste samhraidh Gaeltachta ón Roinn gach bliain ó 2003, cén luach airgid a bhain le scoláireacht i gcomparáid leis na táillí an bhliain sin, agus cén costas iomlán bliantúil atá ar scoláireachtaí Gaeltachta den chineál seo. [24684/23]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

107. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an ndéanfaidh sí tábla a sholáthar lena ndéantar briseadh síos ar líon dhaltaí scoile DEIS in aghaidh na bliana a fuair scoláireacht chun freastal ar choláiste samhraidh Gaeltachta ón Roinn gach bliain ó 2003, cén luach airgid a bhain le scoláireacht i gcomparáid leis na táillí an bhliain sin, agus cén costas iomlán bliantúil atá ar scoláireachtaí Gaeltachta den chineál seo. [24685/23]

View answer

Written answers

I propose to take Questions Nos. 106 and 107 together.

Bunaíodh an ciste DEIS Gaeltachta in 2019 tráth a cuireadh €50,000 ar fáil chun seans a thabhairt do lucht freastail iar-bhunscoileanna DEIS na tíre freastal a dhéanamh ar cheann de na Coláistí Gaeilge atá aitheanta ag an Roinn. Tháinig ardú ar an gciste in 2022 ionas go mbeadh suas le 400 scoláire in aghaidh na bliana in ann tairbhe a bhaint as an scéim seachas 50 scoláire mar a bhíodh. 

Tá briseadh síos sa tábla thíos:

2019

3 seachtaine

2 seachtaine 

cúrsa seachtaine

Líon scoláirí

28

22

0

Luach scoláireachtaí

€800-€850

€505.75 - €782

0

Iomlán + riarachán 

€45,451

 

 

 

2022

3 seachtaine

2 seachtaine 

cúrsa seachtaine

Líon scoláirí

93

326

3

Luach scoláireachtaí

€850

€580 - €722

€580

Iomlán + riarachán 

€308,026

 

 

Is iad na coláistí féin a shocraíonn táillí na gcúrsaí. Athraíonn táillí ó áit go háit agus braitheann siad ar an gcineál chúrsa, agus ar fhad an chúrsa freisin.

Question No. 107 answered with Question No. 106.
Top
Share