Skip to main content
Normal View

Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 24 May 2023

Wednesday, 24 May 2023

Questions (108)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

108. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cad é an meastachán ar chostais a bhainfeadh le Clár na Leabhar Gaeilge a thabhairt ar ais de réir an ráta a bhí ann sular cuireadh ar scoir é, agus de réir an ráta a bheadh ann dá gcuirfí an ráta boilscithe ó shin san áireamh. [24686/23]

View answer

Written answers

Aistríodh feidhmeanna Bhord na Leabhar Gaeilge chuig Foras na Gaeilge ar 1 Eanáir 2008.

Cuireadh leithdháileadh de €1,820,000 ar fáil do Chlár na Leabhar Gaeilge i 2008.

Tá leithdháileadh €1,061,165 agus maoiniú breise €300,000 ar fáil do Chlár na Leabhar Gaeilge do 2023. Fágann sé seo go bhfuil buiséad iomlán €1.36 milliún ar fáil don Chlár i mbliana - thart ar an leibhéal ag a raibh sé i 2011.

Bheadh ??costas thart ar €827,376 ar an mbuiséad a ardú go leibhéal 2008 dá gcuirfí an ráta boilscithe san áireamh.

Top
Share