Skip to main content
Normal View

Caiteachas Ranna

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 24 May 2023

Wednesday, 24 May 2023

Questions (111)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

111. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cé mhéad maoiniú reatha a caitheadh ar phleanáil teanga faoi scáth Fhoras na Gaeilge in aghaidh gach bliana ó 2013, agus an ndéanfaidh sí briseadh síos ar an maoiniú bliantúil sin de réir líonra Gaeilge nó baile seirbhíse Gaeilge. [24689/23]

View answer

Written answers

Déanann Foras na Gaeilge riar ar an bpróiseas pleanála teanga lasmuigh den Ghaeltacht thar ceann na Roinne.  Is próiseas leanúnach céimitheach atá ann trína bhfuil na ceantar ainmnithe uilig ag pointí éagsula sa phróiseas.  Do na ceantair siúd a bhfuil ceanneagraíochtaí ceaptha iontu, ceadaíonn an Roinn uasmhéid de €20,000 do na Bailte Seirbhíse Gaeltachta (BSG) agus €15,000 do na Líonraí Gaeilge, thar tréimhse dhá bhliain, chun an plean teanga a ullmhú don ceantar.  Nuair atá an plean sin faofa ag an Aire, ceadaíonn an Roinn allúntas bliantúil don cheanneagraíocht nach mó ná €80,000  in aghaidh na bliana thar tréimhse seacht mbliana leis an plean sin a fheidhmiú (ceadaíodh allúntas bliantúil suas le €100,000 do BSG na Gaillimhe agus agus ceadófar an tsuim chéanna do BSG Corcaí amach anseo, áfach, mar gur ceantair móra uirbeacha iad). I gcás na Líonraí Gaeilge atá lonnaithe sa dlínse ó thuaidh, ceadaíonn Foras na Gaeilge a chomhionann d’allúntas bliantúil de £72,000 do na ceanneagraíochtaí ceaptha.

Go dtí seo, tá plean teanga faofa agus le cur i bhfeidhm i 5 Líonra Gaeilge agus 6 Bhaile Seirbhíse Gaeltachta.  Seo a leanas liosta de na Líonraí agus na Bailte Seirbhíse a thagann faoi scáth Fhoras na Gaeilge:  

Bailte Seirbhíse

*Leitir Ceanainn

*Gaillimh

*Trá Lí

*Dún Garbhán

*Caisleán an Bharraigh

Corcaigh

*Cathair Saidhbhín

Baile an Róba

An Clochán

Maigh Chromtha

An Uaimh

Baile Átha Buí

Dún na nGall

 

 Líonraí

*Cluain Dolcáin

*Baile Locha Riach

*Inis

*Béal Feirste Thiar

*Carn Tóchair

*Plean Faofa  

Top
Share