Skip to main content
Normal View

Caiteachas Ranna

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 24 May 2023

Wednesday, 24 May 2023

Questions (112, 114)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

112. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cé mhéad maoiniú a caitheadh ar Thaibhdhearc na Gaillimhe, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, in aghaidh gach bliana ó 2003, agus an ndéanfaidh sí briseadh síos de réir maoiniú reatha agus caipitil. [24691/23]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

114. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cé mhéad maoiniú a chaith an Chomhairle Ealaíon ar Thaibhdhearc na Gaillimhe, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, in aghaidh gach bliana ó 2003, agus an ndéanfaidh sí briseadh síos de réir maoiniú reatha agus caipitil. [24693/23]

View answer

Written answers

I propose to take Questions Nos. 112 and 114 together.

Tá maoiniú curtha ar fáil ag mo Roinn don Taibhdhearc faoi na Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge ó 2004. Faoin gcomhaontú maoinithe atá i bhfeidhm ó 2020-2023 cuirtear maoiniú reatha €320,000 ar fáil gach bliain.

Tá miondealú sa chomhad atá faoi cheangal ar an maoiniú reatha agus caipitil a chuir an Roinn ar fáil don Taibhdhearc ó 2004 i leith.

Ar iarratas ó mo Roinn, tá plean forbartha don tréimhse 2024-2026 á ullmhú faoi láthair ag Bord na Taibhdheirce chun feidhm a thabhairt don ról a theastaíonn ón eagraíocht a chomhlíonadh mar amharclann náisiúnta agus mar mhol forbartha do dhrámaíocht na Gaeilge. Cuimseofar faoin bplean forbartha sin struchtúr leasaithe boird, foirne agus maoinithe chun bonn láidir fadtréimhseach a chur faoi oibríochtaí na heagraíochta agus chun drámaíocht na Gaeilge a neartú agus a fhorbairt.

Fógrófar toradh an phróisis seo in am tráth.

Tá liosta de na cinntí a rinne an Chomhairle Ealaíon i 2007–2021 le fáil i mbunachar sonraí na gcinntí. Foilsítear cinntí sa ghnáthchúrsa i nuachtlitir na Comhairle Ealaíon agus déantar cinntí stairiúla a thaifead i dtuarascáil bhliantúil na Comhairle atá ar fáil ar líne sa roinn foilseacháin.

Tá fáil air seo ag an nasc seo www.artscouncil.ie/Ce_ata_maoinithe_againn/

Reatha

Caipiteal

Ceadaithe

Íoctha

Ceadaithe

Íoctha

2004

385,000

384,996

35,000

0

2005

450,000

450,000

2006

450,000

450,000

2007

480,000

480,000

2008

480,000

463,343

2009

441,600

441,600

2010

404,900

404,900

2011

323,920

323,920

300,000

164,000

2012

323,920

323,920

189,162

189,162

2013

323,920

323,920

85,000

85,000

2014

307,276

307,276

2015

320,000

320,000

2016

320,000

320,000

2017

320,000

320,000

2018

320,000

320,000

2019

325,000

325,000

2020

300,000

273,392

38,236

0

2021

399,053

399,053

38,236

38,236

2022

320,000

320,000

2023

320,000

147,496*

Iomlán

7,314,589

7,098,816

685,634

476,398

* Go dtí seo in 2023.

Top
Share