Skip to main content
Normal View

Forbairt na Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 24 May 2023

Wednesday, 24 May 2023

Questions (113)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

113. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cad é an meastachán ar chostais a bhainfeadh le plean straitéiseach Thaibhdhearc na Gaillimhe a foilsíodh anuraidh a chur i bhfeidhm. [24692/23]

View answer

Written answers

Faoin gcomhaontú maoinithe atá i bhfeidhm faoi láthair, tugann mo Roinn maoiniú reatha €320,000 don Taibhdhearc gach bliain. Faoi láthair, tá comhaontú trípháirteach i bhfeidhm idir an Roinn, an Taibhdhearc agus Fíbín Media a bhfuil 'Fíbín sa Taibhdhearc' mar thoradh air. D'éirigh go han-mhaith leis an gcomhoibriú sin go dtí seo; tá deireadh le teacht leis an gcomhaontú reatha ag deireadh 2023.

Deontas Reatha idir an Roinn TCEGSM agus Fíbín sa Taibhdhearc, 2020-2023

Bliain

Maoiniú bliantúil

Suim

2023

Deontas reatha faoi Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge

 €320,000

2022

Deontas reatha faoi Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge

 €320,000

2021

Deontas reatha faoi Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge

 €372,445 *

2020

Deontas reatha faoi Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge

 €320,000

* Tugadh suim bhreise €52,445 don Taibhdhearc in 2021 mar gheall ar fhiacha a tabhaíodh le linn Covid-19.

I lár na bliana 2022, chuir Bord na Taibhdheirce cás maidir le maoiniú inbhuanaithe na Taibhdheirce faoi bhráid mo Roinne. Ó shin i leith, tá mo Roinn i mbun plé le Bord na Taibhdheirce chun teacht ar shocrú nua le go mbeidh siad in ann feidhmiú ar scála níos leithne don tréimhse maoinithe 2024-2026. Ag éirí as an bplé sin, tá Bord na Taibhdheirce ag ullmhú plean forbartha don tréimhse ó 2024 chun feidhm a thabhairt don ról a theastaíonn ón amharclann a chomhlíonadh mar amharclann náisiúnta agus mar mhol forbartha do dhrámaíocht na Gaeilge.

Déanfar fógra maidir le toradh na hoibre seo in am tráth.

Question No. 114 answered with Question No. 112.
Top
Share