Skip to main content
Normal View

Cóid Phoist

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 24 May 2023

Wednesday, 24 May 2023

Questions (116)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

116. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cé na háiseanna a theastódh ón gCoiste Logainmneacha chun a chinntiú go bhfuil gach logainm ar Éirchód ar fáil trí Ghaeilge faoi 2025 agus cén costas a bhainfeadh leis na háiseanna sin. [24695/23]

View answer

Written answers

Is faoi chúram na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide atá córas Éirchód.  Chun gach logainm a fhoilsiú as Gaeilge ar Éirchód laistigh de thráthchlár faoi leith, ba ghá plean mionsonraithe chuige sin a ullmhú agus a aontú leis na páirtithe leasmhara, an Brainse Logainmneacha sa Roinn seo ina measc. Go dtí go n-aontófar plean den sórt sin, ní féidir leis an Roinn seo meastachán beacht a thabhairt ar na costais a thitfeadh ar an Roinn seo i dtaobh na hoibre sin.

Top
Share