Skip to main content
Normal View

Caiteachas Ranna

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 24 May 2023

Wednesday, 24 May 2023

Questions (117)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

117. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cé mhéad maoiniú a caitheadh ar Chnuasach Bhéaloideas Éireann agus Dúchas.ie in aghaidh gach bliana ó 2003, agus an ndéanfaidh sí briseadh síos de réir maoiniú reatha agus caipitil. [24697/23]

View answer

Written answers

Is é sprioc an tionscadail Dúchas.ie digitiú Chnuasach Bhéaloideas Éireann (CBÉ) a thionscnamh chun go mbeidh rochtain ag an bpobal ar ábhar ón gCnuasach ar shuíomh gréasáin poiblí agus córas bainistithe sonraí ar fáil do CBÉ, a bhféadfar ábhar eile a chuimsiú ann de réir a chéile. Tá an tionscadal seo tábhachtach do mo Roinn agus cuireann sé le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus an Phlean Digiteach don Ghaeilge.

Is comhpháirtíocht é an tionscadal idir Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD, Fondúireacht Bhéaloideas Éireann agus Leabharlann Dhigiteach UCD, Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Cuireadh tús le tionscadal Dúchas.ie in 2012 and tá tacaíocht reatha á cur ar fáil ag mo Roinn dó trí na Scéimeanna Tacaíochta Gaeltachta. Níl agus ní raibh riamh comhaontú maoinithe caipitil ag mo Roinn i leith an tionscadail seo.

Tá miondealú ar an maoiniú reatha ó 2012 anseo:

Bliain

Ceadaithe

Íoctha

2012

98,970

40,354

2013

147,624

147624

2014

271,565

271,565

2015

286,421

286,421

2016

258,821

258,821

2017

152,000

152,000

2018

100,893

100,893

2019

202,343

202,343

2020

226,191

226,191

2021

231,785

231,785

2022

242,812

242,812

2023

248,181

70,757*

*go dáta

Iomlán a ceadaíodh, 2012-2023: €2,238,636

Iomlán a íocadh, 2012-2023: €2,231,566

Top
Share