Skip to main content
Normal View

Oifig an Choimisinéara Teanga

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 24 May 2023

Wednesday, 24 May 2023

Questions (118)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

118. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cé mhéad maoiniú a caitheadh ar Oifig an Choimisinéara Teanga in aghaidh gach bliana ó 2003, agus an ndéanfaidh sí briseadh síos de réir maoiniú reatha agus caipitil. [24698/23]

View answer

Written answers

Tá an maoiniú reatha, mar a ceadaíodh é d'Oifig an Choimisinéara Teanga faoi C5 de chuid na Roinne sna Meastacháin Athbhreithnithe do gach bliain ó bunaíodh an Rialtas reatha in 2020 liostáilte sa tábla thíos. Níor ceadaíodh aon mhaoiniú caipitil d'Oifig an Choimisinéara Teanga don tréimhse úd.

 

BLIAN

REATHA

€000

2023

1,307

2022

1,109

2021

887

2020

845

Áirítear an t-eolas maidir le blianta eile atá lorgtha ag an Teachta i dTuarascálacha Bliantúla an Choimisinéara Teanga atá ar fáil ar a shuíomh idirlín agus atá leagtha ós comhair Thithe an Oireachtais.

 

Top
Share