Tá maoiniú á thabhairt ag mo Roinn ó 2009 do Raidió Rí-Rá, stáisiún raidió do dhaoine óga trí mheán na Gaeilge, a chraolann ar an idirlíon agus ar aipeanna fóin póca. Faoin gcomhaontú deontais reatha, ceadaíodh €119,000 do Raidió Rí-Rá in 2022 agus €109,000 in 2023. Thug mo Roinn maoiniú caipitil €47,772 don stáisiún in 2020 chun uasghráduithe a dhéanamh ar spás stiúideo an stáisiúin agus osclaíodh an spás stiúideo sin go foirmiúil i mí na Bealtaine 2022. Leis an maoiniú a thugann an Roinn don stáisiún, tá ar chumas Raidió Rí-Rá craoladh go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta go lánaimseartha ar líne agus ar an aip.
Tá miondealú ar an maoiniú atá curtha ar fáil ag mo Roinn do Raidió Rí-Rá ó 2009 i leith le fáil anseo thíos:
|
Maoiniú reatha ceadaithe
|
Maoiniú reatha íoctha
|
Maoiniú caipitil ceadaithe
|
Maoiniú caipitil íoctha
|
2009
|
40,000
|
40,000
|
|
|
2010
|
40,000
|
40,000
|
|
|
2011
|
32,000
|
32,000
|
|
|
2012
|
58,725
|
58,725
|
|
|
2013
|
47,000
|
47,000
|
|
|
2014
|
45,000
|
45,000
|
|
|
2015
|
53,000
|
53,000
|
|
|
2016
|
75,000
|
75,000
|
|
|
2017
|
75,000
|
75,000
|
|
|
2018
|
75,000
|
75,000
|
|
|
2019
|
75,000
|
75,000
|
|
|
2020
|
75,000
|
75,000
|
47,772
|
47,772
|
2021
|
75,000
|
75,000
|
|
|
2022
|
119,000
|
119,000
|
|
|
2023
|
109,000
|
54,390*
|
|
|
* Go dtí seo in 2023.