Skip to main content
Normal View

Na Meáin Chumarsáide

Dáil Éireann Debate, Thursday - 25 May 2023

Thursday, 25 May 2023

Questions (166)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

166. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cé mhéad maoiniú a caitheadh ar Raidió na Life in aghaidh gach bliana ó 2003, agus an ndéanfaidh sí briseadh síos air de réir maoiniú reatha agus caipitil. [24705/23]

View answer

Written answers

Tugann Foras na Gaeilge maoiniú do Raidió na Life faoin Scéim Raidió Pobail. Leis an maoiniú sin, tá ar chumas an stáisiún, atá ag craoladh ar FM i mórcheantar Bhaile Átha Cliath, seirbhís raidió uileghabhálach a sholáthar mar aon le hoiliúint trí Ghaeilge a chur ar dhaoine ar spéis leo gairm sa chraoltóireacht.

Chuir an Roinn maoiniú caipitil de €9,963 ar fáil do Raidió na Life faoi na Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge i 2020 chun feabhas a chur ar a gcórais teicneolaíochta.

Leis seo thíos tá briseadh síos ar an maoiniú a chuir Foras na Gaeilge ar fáil do Raidió na Life ó 2010 ar aghaidh.

2010

226,113

2011

228,434

2012

205,915

2013

213,602

2014

271,900

2015

250,000

2016

246,147

2017

373,215

2018

240,000

2019

240,000

2020

241,990

2021

240,000

2022

280,000

Top
Share