Skip to main content
Normal View

Caiteachas Gaeilge agus Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 25 May 2023

Thursday, 25 May 2023

Questions (168)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

168. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cé mhéad maoiniú reatha a caitheadh ar chultúrlanna nó ionaid Ghaeilge in aghaidh gach bliana ó 2003, agus an ndéanfaidh sí briseadh síos air de réir an ionaid nó na cultúrlainne. [24707/23]

View answer

Written answers

Tá tacaíocht curtha ar fáil ag an Foras na Gaeilge le tamall anuas do chultúrlanna agus d’ionaid Ghaeilge trí Scéim na gCultúrlann, 2018 – 2020, tríd an Scéim Cóiríochta d'Ionaid Ghaeilge, 2021 agus tríd an Scéim d'Ionaid Phobail Ghaeilge, 2022 – 2023; tá miondealú ar an tacaíocht sin le fáil sa doiciméad Excel atá faoi cheangal.

Ionad agus institiúid thábhachtach chultúir is ea Taibhdhearc na Gaillimhe a bhfuil fréamhacha doimhne aici i gcur chun cinn agus i gcaomhnú na Gaeilge. Tacaíonn an Roinn seo leis an Taibhdhearc le deontas reáchtála bliantúil. Léiríonn an Taibhdhearc réimse leathan saothar drámaíochta, idir chlasaicigh, dhrámaí comhaimseartha, agus saothair nua le drámadóirí Gaeilge atá ag teacht chun cinn agus deis ar an stáitse á fáil ag aisteoirí Éireannacha atá ag teacht chun cinn.

Feidhmíonn an amharclann mar áit tionóil do phobal na Gaeilge, rud a chothaíonn bród agus féiniúlacht trí mheán na hamharclainne.

Tá maoiniú curtha ar fáil ag mo Roinn don Taibhdhearc faoi na Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge ó 2004. Faoin gcomhaontú maoinithe atá i bhfeidhm ó 2020-2023 cuirtear maoiniú reatha €320,000 ar fáil gach bliain.

Tá miondealú anseo thíos ar an maoiniú reatha agus caipitil a chuir an Roinn ar fáil don Taibhdhearc ó 2004 i leith:

Maoiniú reatha ceadaithe

Maoiniú reatha íoctha

Maoiniú caipitil ceadaithe

Maoiniú caipitil íoctha

2004

385,000

384,996

35,000

0

2005

450,000

450,000

2006

450,000

450,000

2007

480,000

480,000

2008

480,000

463,343

2009

441,600

441,600

2010

404,900

404,900

2011

323,920

323,920

300,000

164,000

2012

323,920

323,920

189,162

189,162

2013

323,920

323,920

85,000

85,000

2014

307,276

307,276

2015

320,000

320,000

2016

320,000

320,000

2017

320,000

320,000

2018

320,000

320,000

2019

325,000

325,000

2020

300,000

273,392

38,236

0

2021

399,053

399,053

38,236

38,236

2022

320,000

320,000

2023

320,000

147,496 go dáta

Iomlán

7,314,589

7,098,816

685,634

476,398

Ar iarratas ó mo Roinn, tá plean forbartha don tréimhse 2024-2026 á ullmhú faoi láthair ag Bord na Taibhdheirce chun feidhm a thabhairt don ról a theastaíonn ón eagraíocht a chomhlíonadh mar amharclann náisiúnta agus mar mhol forbartha do dhrámaíocht na Gaeilge. Cuimseofar faoin bplean forbartha sin struchtúr leasaithe boird, foirne agus maoinithe chun bonn láidir fadtréimhseach a chur faoi oibríochtaí na heagraíochta agus chun drámaíocht na Gaeilge a neartú agus a fhorbairt.

Tá an Roinn ag dréim leis go bhféadfar comhaontú nua maoinithe, bunaithe ar an bplean forbartha thuasluaite, a aontú le Bord na Taibhdheirce faoin bhfómhar i mbliana.

Cultúrlanna

Top
Share