Is féidir iarratas ar dheontas caipitil a dhéanamh i leith cultúrlanna agus ionaid Ghaeilge faoi Fhómhíreanna C3 agus C4 mo Roinne. Baineann C3 le hiarratais ar dheontas caipitil laistigh den Ghaeltacht agus baineann C4 le hiarratais ar dheontas caipitil lasmuigh den Ghaeltacht. Tá an maoiniú caipitil, mar a ceadaíodh é faoin dá fhómhír sna Meastacháin Athbhreithnithe do gach bliain ó bunaíodh an Rialtas reatha in 2020, liostáilte sa tábla thíos.
C4 (Caipitil)
€000
BLIAN
|
C3 (Caipitil)
€000
|
|
2023
|
2,700
|
3,500
|
2022
|
2,700
|
3,500
|
2021
|
2,500
|
2,000
|
2020
|
2,322
|
1,132
|
De bharr fhad na tréimhse ama atá luaite ag an Teachta leis an gCeist Dála seo, mar aon leis an líon tionscnamh a d'fhéadfaí a áireamh faoina leithéid d'iarratas, tuigtear dom nach féidir níos mó eolais, ná mar atá tugtha thuas, a thabhairt ag an tráth seo. Má tá fiosrúchán sonrach ag an Teachta áfach faoin maoiniú a ceadaíodh do chultúrlann nó d'ionad Gaeilge ar leith i gcomhthéacs na Ceiste Dála seo, bheinn lán-sásta an t-eolas ábhartha sin a chur ar fáil.