Skip to main content
Normal View

Acht na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 13 July 2023

Thursday, 13 July 2023

Questions (98)

Catherine Connolly

Question:

98. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán soiléiriú a thabhairt ar an obair athbhreithniúcháin atá déanta ar an gcéad 10 bplean teanga a ceadaíodh faoi Acht na Gaeltachta, 2012; cathain a thabharfar an obair athbhreithniúcháin chun críche; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [34668/23]

View answer

Written answers

Ar 28 Meitheamh 2023, d'fhógair mé go raibh conradh bronnta ar an gcomhlacht, Barr Feabhais Teo., chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gcéad 10 bplean teanga a ceadaíodh faoi réir Acht na Gaeltachta 2012.

Is iad seo a leanas an 10 bplean teanga atá i gceist:

• Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach & Machaire Rabhartaigh;

• Ná Déise;

• Ciarraí Theas;

• Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire & Loch an Iúir;

• Ciarraí Thiar;

• Conamara Láir;

• An Cheathrú Rua;

• Maigh Eo Thuaidh;

• Ráth Chairn & Baile Ghib; agus,

• Árainn Mhór.

Cinnteoidh an tionscnamh seo, a bhfuil buiséad suas le €92,500 á chur ar fáil ina leith, go ndéanfar athbhreithniú neamhspleách ar fheidhmiú na bpleananna teanga seo. Cuirfear aiseolas maidir le feidhmiú na bpleananna ar fáil agus, bunaithe ar an méid a aithnítear san athbhreithniú, beifear in ann céimeanna a ghlacadh chun cur i bhfeidhm an phróiseas pleanála teanga a fheabhsú.

Tá tréimhse 9 mí ó thus an chonartha luaite chun leagan críochnúil an athbhreithnithe a chur faoi bhráid mo Roinne - rud a chiallaíonn go mbeadh toradh na hoibre ar fáil faoi dheireadh Márta 2024.

Question No. 99 answered with Question No. 80.
Top
Share