Skip to main content
Normal View

Na Meáin Chumarsáide

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 25 July 2023

Tuesday, 25 July 2023

Questions (531)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

531. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an mbeadh sí sásta obair lena chinntiú, go háirithe i gcomhthéacs na n-athbhreithnithe atá beartaithe don chraoltóir seirbhíse poiblí, go ndéanfar an céatadán de bhuiséad iomlán RTÉ a chaitear ar chraolachán Gaeilge a dhúbailt ó 7.5% go 15% chun na dualgais reachtúla atá orthu faoin Acht Craolacháin, 2009 a chomhlíonadh; breis soláthair a dhéanamh ar chláracha Gaeilge teilifíse agus raidió agus tacú le cothromaíocht pá agus forbairt caipitil do RTÉ Raidió na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [35683/23]

View answer

Written answers

Déantar foráil maidir le cuspóirí seirbhíse poiblí RTÉ i gCuid 7 den Acht Craolacháin 2009, a fhorálann freisin go mbeidh RTÉ neamhspleách i dtaca leis na cuspóirí sin a bhaint amach. Mar sin, níl baint dhíreach ar bith agam le gníomhaíochtaí airgeadais nó oibriúcháin laethúla na heagraíochta.

Mhol an Coimisiún um Thodhchaí na Meán go ndéanfaí athbhreithniú cuimsitheach ar sholáthar seirbhísí Gaeilge sna meáin seirbhíse poiblí. Mhol an Coimisiún gur cheart go n-áireodh an t-athbhreithniú seo breithmheas ar róil TG4 agus RTÉ, le béim ar leith ar Raidió na Gaeltachta, chomh maith le soláthraithe ábhar seirbhíse poiblí. Is é Coimisiún na Meán a dhéanfaidh an t-athbhreithniú agus tá sé le tosú san Fhómhar agus tuairisc a thabhairt air faoi dheireadh 2024, agus cuirfear aon mholtaí a dhéanfar de bhun an athbhreithnithe le polasaí amach anseo maidir le craolachán Gaeilge.

Top
Share