Skip to main content
Normal View

Cúrsaí Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 11 October 2023

Wednesday, 11 October 2023

Questions (114)

Éamon Ó Cuív

Question:

114. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén uair a dhéanfar íocaíocht le bean tí (sonraí tugtha) as ábhar oidí a chothaigh sí ar chúrsa i lár Mí Lúnasa; údar na moille lena híocaíocht; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [44380/23]

View answer

Written answers

Ba mhaith liom a chur in iúl duit go bhfuil an íocaíocht a bhaineann le cúrsa Ábhar Oidí do mhí Lúnasa don té atá luaite ag an Teachta próiseáilte ag Rannóg na gColáistí Gaeilge agus seolta chuig Rannóg Airgeadais ar an 5ú Deireadh Fómhair.  Bheifí ag súil go mbeadh an t-airgead ina cuntas bainc taobh istigh de 10 lá oibre ar a dhéanaí.

Top
Share