Skip to main content
Normal View

Cúrsaí Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 11 October 2023

Wednesday, 11 October 2023

Questions (115)

Éamon Ó Cuív

Question:

115. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén céatadán de na teaghlaigh a chothaigh scoláirí faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge an samhradh seo a fuair íocaíocht iomlán as gach cúrsa; cén uair atáthar ag súil go n-íocfar an chuid eile; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [44381/23]

View answer

Written answers

Faoin tráth seo, tá 80% de na héileamh íocaíochtaí i leith na gcúrsaí a reáchtáil na Coláistí Gaeilge i samhraidh 2023 próiseáilte ag Rannóg na gColáistí Gaeilge agus seolta chuig Rannóg Airgeadais de chuid na Roinne.  Tá 14% le próiseáil go fóill agus 6% nach bhfuil páipéarchas iomlán/críochnúil seolta isteach ag na Coláistí Gaeilge go fóill.  Táthar ag obair ar na héileamh seo ar feadh an ama agus súil iad a bheith próiseáilte gan mhoill.

Top
Share