Skip to main content
Normal View

Pleanáil Teanga

Dáil Éireann Debate, Thursday - 19 October 2023

Thursday, 19 October 2023

Questions (64)

Catherine Connolly

Question:

64. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cé mhéad limistéar pleanála teanga nach bhfuil oifigeach pleanála teanga fostaithe iontu faoi láthair; soiléiriú ar an anailís atá faoi chaibidil ag an Roinn maidir leis an ábhar sin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [45680/23]

View answer

Written answers

Is iad ne heagrais forbartha pobail atá aitheanta mar cheanneagraíochtaí pleanála teanga atá freagrach as na pleananna teanga a fheidhmiú sna 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta (LPT).

Tuigtear d’Údarás na Gaeltachta go bhfuil folúntais ann d'Oifigigh Pleanála Teanga in dhá Limistéar Pleanála Teanga as an 26 LPT faoi láthair, sin iad LPT Ráth Chairn agus Baile Ghib agus LPT Thoraí. Tá próiseas earcaíochta ar siúl san dá LPT sin le tamall anuas agus táthar ag súil go mbeidh ceapacháin OPT á ndéanamh sna seachtainí amach romhainn.

Top
Share