Skip to main content
Normal View

Scéimeanna Teanga

Dáil Éireann Debate, Thursday - 19 October 2023

Thursday, 19 October 2023

Questions (62)

Catherine Connolly

Question:

62. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán soiléiriú a thabhairt maidir le Scéim Labhairt na Gaeilge; cén uair a bheidh an scéim i bhfeidhm; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [45676/23]

View answer

Written answers

Níl i gceist ag mo Roinn Scéim Labhairt na Gaeilge a thabhairt ar ais mar a bhí sé i 2011 nuair a chuireadh deireadh leis. Ó cuireadh deireadh leis an scéim seo, tá raon leathan de bhearta curtha i bhfeidhm ag mo Roinn agus faoi scáth an phróisis pleanála teanga - a tháinig i bhfeidhm ó shin - chun cabhrú le teaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge nó ar mhian leo é sin a dhéanamh.

I bhfianaise an tábhacht faoi leith a bhaineann le tacú tuilleadh fós le cur chun cinn na teanga ar bhonn teaghlaigh sa Ghaeltacht agus go deimhin sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus Líonraí Gaeilge atá aitheanta faoin bpróiseas pleanála teanga, bhuail feidhmeannaigh mo Roinne le páirtithe leasmhara chun breathnú ar bhearta breise thairis an méid atá ar bun cheana a d’fhéadfaí a chur sa tsiúil chun tacú tuilleadh le cur chun cinn na Gaeilge ag leibhéal an teaghlaigh. Tionóladh an mheitheal smaointeoireachta seo ar an 9ú Feabhra 2023 agus bhí an-rath air. Ó shin i leith, tá an t-ábhar pléite le roinnt páirtithe leasmhara le smaointe agus tuairimí maidir le scéim nua a bhailiú.

Bhí cruinniú ag an Roinn le Comhar Naíonraí na Gaeltachta an 21 Meán Fómhair chun na féidearthachtaí maidir le scéim nua a chíoradh agus tá beartaithe ag an Roinn bualadh le grúpa ionadaíoch ar na hOifigigh Pleanála Teanga sna seachtainí amach romhainn chun a gcuid smaointe a bhailiú freisin.

Sa bhreis ar an bplé seo uile, cuireann mo Roinn raon leathann de tacaíochtaí eile ar fáil don Ghaeilge sa Ghaeltacht. I measc na tacaíochtaí seo, tá na nithe seo a leanas:

• Ceadaíodh cistíocht shuntasach ar fiú breis agus €1.6m é thar tréimhse trí bliana don eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta ó 2021 go 2023. Cuireann an maoiniú seo le cumas Tuismitheoirí na Gaeltachta tacú le tuismitheoir atá ag tógáil clainne le Gaeilge nó ar mhian leo é sin a dhéanamh. Tá plé ar siúil leis an eagraíocht faoi láthair maidir le cistíocht do 2024 agus na blianta ina dhiaidh sin. 

• Cuireann mo Roinn ciste faoi leith ar fáil don eagraíocht Comhar Naíonraí na Gaeltachta freisin mar thacaíocht d'earnáil na luathbhlianta sa Ghaeltacht. Is maoiniú é seo ar fiú €601,100 é i leith na scoilbliana 2022/23. Cuireann Údarás na Gaeltachta ciste ar leith eile ar fáil do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta agus tá maoiniú ar fiú €619,500 ceadaithe ag an eagraíocht sin i leith 2023.

• Cheadaigh mé allúntas ar fiú €3.72m don eagraíocht d’Ealaín na Gaeltachta i mbliana chun clár 3 bliana a fheidhmiú - méadú 200% ar an allúntas deiridh atá i gceist leis seo. Is tréimhse 3 bliana, 2023 go 2025 atá i gceist leis an maoiniú seo. Cuimsíonn an t-ardú seo d'Ealaín na Gaeltachta clár oibre a fheidhmiú fud fad na Gaeltachta a dhíreoidh ar deiseanna breise sealbhaithe agus saibhrithe teanga a spreagadh i measc óige na Gaeltachta.

Is féidir liom a dheimhniú don Teachta go mbeidh mo Roinn i gcónaí ag breathnú ar bhealaí chun cabhrú le teaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge nó ar mhian leo é sin a dhéanamh.

Question No. 63 answered with Question No. 7.
Top
Share