Skip to main content
Normal View

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 19 October 2023

Thursday, 19 October 2023

Questions (67)

Catherine Connolly

Question:

67. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maidir le Ceist Pharlaiminte Uimh. 88 den 13 Iúil 2023, cén dul chun cinn atá déanta maidir leis an obair athbhreithniúcháin atá idir lámha ag Údarás na Gaeltachta i ndáil leis na córais agus leis an gcur chuige atá i ngníomh ag an Údarás faoi láthair chun tacú le cur chun cinn na Gaeilge sna cliantchuideachtaí agus i ndáil leis na bealaí ina ndéantar an t-ábhar a bhaineann leo a riar; cathain a fhoilseofar toradh na hanailíse; cén dul chun cinn atá déanta maidir leis an scéim phíolótach; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [45678/23]

View answer

Written answers

Tá curtha in iúl dom ag Údarás na gaeltachta go bhfuil an t-athbhreithniú a bhí á dhéanamh ag eagraíocht críochnaithe anois agus go bhfuil mór chuid na moltaí a d'eascair as curtha i bhfeidhm.

Tuigim go bhfuil cruth do scéim nua tacaíochta forbartha, atá dírithe ar úsáid na Gaeilge a spreagadh i measc na bhfostaithe sna cliantchomhlachtaí. Ta curtha in iúl ag an Údarás go ndíreoidh an scéim nua tacaíochta atá á mholadh ar struchtúr agus gníomhaíochtaí tacaíochta leanúnach a thairiscint dá chliantchomhlachtaí ina bhfuil líon ard fostaithe. Beidh an scéim á plé ag cruinnithe de bhord an Údaráis idir seo agus deireadh na bliana. Ach cead an Bhoird a bheith faighte chuige, táthar ag súil leis an scéim a fhógairt agus a thairiscint do na cliantchomhlachtaí sa bhliain nua.

Top
Share