Catherine Connolly
Ceist:67. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maidir le Ceist Pharlaiminte Uimh. 88 den 13 Iúil 2023, cén dul chun cinn atá déanta maidir leis an obair athbhreithniúcháin atá idir lámha ag Údarás na Gaeltachta i ndáil leis na córais agus leis an gcur chuige atá i ngníomh ag an Údarás faoi láthair chun tacú le cur chun cinn na Gaeilge sna cliantchuideachtaí agus i ndáil leis na bealaí ina ndéantar an t-ábhar a bhaineann leo a riar; cathain a fhoilseofar toradh na hanailíse; cén dul chun cinn atá déanta maidir leis an scéim phíolótach; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [45678/23]
Amharc ar fhreagra