Ar an 28 Meitheamh 2023, d'fhógair mé go raibh conradh bronnta ar an gcomhlacht Barr Feabhais Teoranta chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gcéad deich bplean teanga a ceadaíodh faoi réir Acht na Gaeltachta 2012. Cinnteoidh an tionscnamh seo, a bhfuil buiséad suas le €92,500 á chur ar fáil ina leith, go ndéanfar athbhreithniú neamhspleách ar fheidhmiú na bpleananna teanga seo. Cuirfear aiseolas maidir le feidhmiú na bpleananna ar fáil agus, bunaithe ar an méid a aithnítear san athbhreithniú, beifear in ann céimeanna a ghlacadh chun cur i bhfeidhm an phróiseas pleanála teanga a fheabhsú.
Is iad seo a leanas na deich limistéir phleanála teanga atá i gceist: Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, an Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh i nDún na nGall; na Déise; Ciarraí theas; Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir; Ciarraí thiar; Conamara láir; an Cheathrú Rua; Maigh Eo thuaidh; Ráth Chairn agus Baile Ghib; agus Árainn Mhór.
Tá curtha in iúl ag Barr Feabhais go bhfuil teagmháil ghníomhach déanta ag an gcomhlacht le páirtithe leasmhara éagsúla i leith an athbhreithnithe ó cuireadh tús leis. Tá comhairliúchán déanta ag Barr Feabhais Teoranta le ceanneagraíochtaí agus le coistí stiúrtha pleanála teanga i seacht gcinn de na limistéir theanga go dtí seo. Tá sraith chruinnithe reáchtáilte ag an gcomhlacht le hÚdarás na Gaeltachta agus tionóladh cruinniú idir mo Roinn, Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus Barr Feabhais le déanaí freisin.
Is léir go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ag Barr Feabhais agus é ag obair i dtreo athbhreithniú a dhéanamh ar na pleananna teanga ábhartha. Tá deimhnithe ag Barr Feabhais le hoifigigh mo Roinne go leanfaidh sé ar aghaidh go dícheallach lena chuid oibre chun a chinntiú go gcuirfeadh tuarascáil chuimsitheach ar fáil de réir na dtéarmaí tagartha agus na spriocdhátaí a aontaíodh. Tá tréimhse naoi mí ó thús an chonartha luaite chun leagan críochnúil an athbhreithnithe a chur faoi bhráid mo Roinne, rud a chiallaíonn go mbeadh toradh na hoibre ar fáil faoi dheireadh Márta 2024.