Tá na riachtanais reatha maidir le Tréimhsí Foghlama Gaeltachta do chláir Oideachas Tosaigh Múinteoirí (OTM) ag an mbunleibhéal i bhfoirm socrúcháin 2 x 2 sheachtain mar chuid den chlár OTM. Tá an riachtanas seo leagtha amach i Céim: Caighdeáin d’Oideachas Tosaigh Múinteoirí na Comhairle Múinteoireachta. Leanfaidh na cláir Na Siollabas Oifigiúla do na Tréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht do Mhic Léinn Oideachais. Mar atá tugtha faoi deara agat, i mBuiséad 2020 rinneadh soláthar do thabhairt ar ais an deontais chun costas iomlán na dTréimhsí Foghlama Gaeltachta (TFGanna) a chlúdach d’fhochéimithe agus d’iarchéimithe i gcláir OTM bunscoile atá maoinithe ag an Stát, le héifeacht ón mbliain acadúil 2020/2021. Bhí an deontas á mhaoiniú roimhe seo ag mo Roinn go dtí an bhliain acadúil 2012/2013, nuair a cuireadh deireadh leis de bharr srianta airgeadais.
Mar atá leagtha amach sna Riachtanais Ábhair Churaclaim Iar-Bhunscoile, ní mór do mhúinteoirí iar-bhunscoile faoi oiliúint (nuair is cuí) sula gcríochnaíonn siad a gcuid staidéir ar oideachas múinteoirí fianaise inchruthaithe a sholáthar ar thaithí tumoideachais de cheithre sheachtain ar a laghad sa teanga churaclaim ar a bhfuil staidéar á dhéanamh acu. Is féidir é seo a rochtain i dhá bhloc, agus caithfidh dhá sheachtain ar a laghad a bheith i ngach bloc. I gcás na Gaeilge, caithfidh ar a laghad ceann amháin de na bloic seo a bheith i suíomh Gaeltachta agus an rogha a bheith ar fáil bloc amháin a bheith i suíomh lán-Ghaeilge.
Ní mór ceann díobh seo a leanas a bheith mar eispéireas/eispéiris tumoideachais don Ghaeilge:
• freastal ar chúrsa Gaeilge
• feidhmiú mar bhall foirne i suíomh oideachasúil sa Ghaeltacht
• tionscadal taighde gníomhaíochta a dhéanamh atá ábhartha dá staidéar múinteoireachta
• páirt a ghlacadh i Socrúchán Scoile.
Ní hionann iad seo agus an riachtanas do mhúinteoirí bunscoile faoi oiliúint, a bhfuil sé éigeantach dóibh freastal ar chlár staidéir i gcoláiste Gaeltachta, mar chuid dá gcláir OTM.
Maidir le múinteoirí iar-bhunscoile faoi oiliúint, níl i gceist leis an riachtanas freastal ar chlár staidéir i gcoláiste Gaeltachta ach ceann amháin de na ceithre rogha atá ar fáil chun an fhianaise ar thaithí tumoideachais sa Ghaeilge a shásamh.
Dá réir sin, ní chuirtear an deontas TFG ar fáil do mhic léinn ar chláir OTM iar-bhunscoile.