Gabhaim buíochas leis an Teachta Ó Snodaigh. Cuireann Foras na Gaeilge maoiniú ar fáil d'fhoilseacháin agus d'irisí Gaeilge, idir clóite agus ar líne, i gcomhréir lena fheidhm reachtúil chun úsáid na Gaeilge a éascú agus a spreagadh ar bhonn uile-oileáin. Tuigtear dom go ndearna bord an fhorais an cheist seo a mheas roinnt uaireanta le deich mbliana anuas agus gur tógadh sainchinntí ina leith bunaithe ar a straitéis pobal léitheoireachta Gaeilge inmharthana a chothú agus an luach is fearr ar airgead a chinntiú trí ábhar léitheoireachta a chur ar fáil saor in aisce ar líne.
Chuige sin, tá trí scéim ar leith á reáchtáil ag Foras na Gaeilge faoi láthair le tacaíocht a chur ar fáil do na meáin scríofa i nGaeilge. Cuirfear suas le €2.5 milliún ar fáil thar thréimhse chúig bliana faoi na conarthaí foilseacháin seo a leanas mar thoradh ar chóras tairisceana poiblí: an nuachtán ar líne, Tuairisc.ie; an iris Ghaeilge, Comhar; agus an iris stílmhaireachtála, Nós.ie. Maidir le maoiniú a chur ar fáil d’irisí ar leith, is ceist fheidhmiúcháin í sin d'Fhoras na Gaeilge. Tuigtear dom gur tháinig deireadh thart ar naoi mbliana ó shin leis an maoiniú a bhíodh á chur ar fáil don iris áirithe atá faoi chaibidil ag an Teachta sa chás áirithe seo.
Maidir le cúrsaí foilsitheoireachta, gabhaim buíochas leis an Teachta agus leis an gcomhchoiste as an tuarascáil chuimsitheach ar earnáil scríbhneoireachta, foilsitheoireachta agus léitheoireachta na Gaeilge a chur i dtoll a chéile. Cuireann mo Roinn maoiniú imfhálaithe de €1.061 milliún in aghaidh na bliana ar fáil do chlár na leabhar Gaeilge faoina bhfeidhmítear roinnt scéimeanna agus tionscadail tacaíochta. Críochnóidh mé an freagra go luath.