Skip to main content
Normal View

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 5 December 2023

Tuesday, 5 December 2023

Questions (52)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

52. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ar tháinig na forálacha d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 maidir le cosaintí don síneadh fada i bhfeidhm ar an 31 Deireadh Fómhair 2023 mar a gheall Aire Stáit na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [53616/23]

View answer

Oral answers (6 contributions)

Déileálann an cheist seo leis na forálacha d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, maidir le cosaintí don síneadh fada. Ar tháinig siad i bhfeidhm ar an 31 Deireadh Fómhair i mbliana mar a gheall an tAire Stáit dúinn roimhe seo?

Gabhaim buíochas arís leis an Teachta. Is ceist an-chasta í an cheist seo . Ó achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, tá mo Roinn i mbun oibre chun feidhm a thabhairt d'ailt agus d'fhorálacha uile an Achta ar bhonn céimiúil. Tá go leor nithe suntasacha tagtha chun cinn de thoradh an Achta cheana féin, eadhon bunú an choiste chomhairligh um sheirbhísí Gaeilge agus aontú conradh taighde i leith ullmhú an phlean náisiúnta. Anuas air sin, tá teacht i bhfeidhm alt 10A den Acht leasaithe, a chuireann dualgais bhreise ar chomhlachtaí poiblí ó thaobh fógraíocht a dhéanamh trí Ghaeilge agus sna meáin Ghaeilge, rud atá tar éis cur go mór le feiceálacht na teanga ar gach ardán meán atá in úsáid trasna na hearnála poiblí.

Táthar ag obair i dtreo feidhm a thabhairt anois d'alt 4 agus d'alt 5 den Acht roimh dheireadh na bliana seo. Baineann na hailt go díreach le dualgais chomhlachtaí poiblí atá faoi scáth an Achta ó thaobh: postálacha sna meáin shóisialta a fhreagairt sa teanga oifigiúil ina bhfaightear iad; ainmneacha, seoltaí agus teidil i nGaeilge a úsáid agus a thaifead i gceart, lena n-áirítear an síneadh fada agus cur in oiriúint córais TFC agus eile le glacadh lena leithéid; leagan amach foirmeacha oifigiúla; lógónna; ainmneacha comhlachtaí poiblí reachtúla nuabhunaithe a bheith i nGaeilge amháin; agus seirbhísí a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu atá curtha ar fáil ag tríú páirtí.

Cé gur luadh dáta eatramhach - an 31 Deireadh Fómhair 2023 - i leith seo roimhe seo, beidh tréimhse ghearr eile ann anois sula mbeidh feidhm á tabhairt do na forálacha seo. Críochnóidh mé an freagra i gceann tamaillín.

Ní mise a roghnaigh an dáta - an 31 Deireadh Fómhair- i mbliana. Is é an tAire Stáit a roghnaigh é mar thug sé domsa i bhfreagra é níos luaithe i mbliana. Dá réir, bhí sórt geallúint tugtha aige go mbeidh na forálacha seo i bhfeidhm. Bhí daoine ag tnúth le hailt 4 agus 5 ach go háirithe, ailt a dhéileálann leis an dualgas atá ar chomhlachtaí Stáit taifead ceart a dhéanamh ar ainmneacha agus seoltaí. Tá Aontas na Mac Léinn in Éirinn ag féachaint ar na cearta nua atá ann de réir na hAchta agus ag iarraidh feachtas a dhéanamh a léireodh na cearta nua sin. Anois, ní féidir leis é sin a dhéanamh mar níl an dá cheart sin tagtha i bhfeidhm. Luaigh an tAire Stáit tréimhse ghearr eile. Cad é an tréimhse ghearr sin? An bhfuil trí mhí, sé mhí, cúig bliana nó deich mbliana i gceist?

Tuigim nach bhfuil an Teachta ag gearán. Ar an ábhar sin, cé gur luadh dáta eatramhach den 31 Deireadh Fómhair 2023 i leith seo roimhe seo, beidh tréimhse ghearr eile ann anois sula mbeidh feidhm á tabhairt do na forálacha seo. Cuireadh na comhlachtaí poiblí uile ar an eolas faoi seo trí chomhfhreagras a seoladh chucu ar an 27 Deireadh Fómhair 2023, cé gur léir gur eisíodh roinnt alt míchruinn sna meáin faoi seo ó shin. Táthar ag súil le dul i dteagmháil leis na comhlachtaí poiblí arís sna seachtainí gearra amach romhainn le iad a chur ar an eolas faoin dáta tosach feidhme nua agus é deimhnithe.

Anuas air seo, tá beartaithe ag mo Roinn feidhm a thabhairt ar an lá céanna d'ailt 12, 13 agus 14 den Acht, a bhaineann le bunú an choiste logainmneacha. Arís, críochnóidh mé an freagra i gceann tamaillín.

Tuigfidh an tAire Stáit an frustrachas atá ann toisc go raibh geallúint ann. Nuair a bhíomar ag déileáil leis an reachtaíocht seo ag Céim an Choiste agus ag an Tuarascáil, bhíomar ag iarraidh go mbeadh an reachtaíocht níos déine ó thaobh na ndátaí difriúla ar a mbeidh na forálacha ag teacht i bhfeidhm. Bíonn eagla agus frustrachas ar dhaoine nuair a bhogann na dátaí seo píosa ar phíosa. Bheadh sé go deas dá mbeadh an tAire Stáit in ann a fhógairt go bhfuil dáta nua ann agus go bhfuil an Stát seo, sa deireadh thiar thall, chun cosaint a thabhairt d'ainmneacha agus seoltaí daoine. Is é sin atá i gceist. I mbeagnach gach uile thír eile ar domhan, is féidir d'ainm a bheith cláraithe i gceart agus bíonn comhlachtaí stáit sásta an t-aitheantas sin a thabhairt. Is é sin atá i gceist leis an Acht. Ní cóir go mbeadh aon mhoill eile i gceist le haon cheann de na forálacha nach bhfuil i bhfeidhm go dtí seo.

Tuigim go bhfuil an freagra seo casta ach tá sé an-tábhachtach dom, mar Aire Stáit, an freagra cruinn a chur os comhair na Dála. Chríochnaigh mé ar an gcoiste logainmneacha. Agus é beartaithe feidhm a thabhairt do na forálacha uile seo roimh dheireadh na bliana, ciallóidh sé sin go mbeidh feidhm tugtha d'fhorálacha substainteacha uile an Achta bliain chun cinn ar an sprioc atá leagtha síos ina leith. Is é sin an rud is tábhachtaí domsa. Bheadh an méid den Acht sin curtha i bhfeidhm roimh dheireadh na bliana seo. Is é sin an rud is tábhachtaí domsa.

Top
Share