Skip to main content
Normal View

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Dáil Éireann Debate, Thursday - 14 December 2023

Thursday, 14 December 2023

Questions (145, 146)

Éamon Ó Cuív

Question:

145. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha cén céatadán de bhuiséad fógraíochta a Roinne do 2023 atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht a dhéanamh sna meáin Ghaeilge agus an bhféadfadh sé a dheimhniú go mbainfear amach roimh dheireadh na bliana an céatadán 5% a leagtar síos in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [55996/23]

View answer

Éamon Ó Cuív

Question:

146. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha cén céatadán de bhuiséad fógraíochta 2023 na gcomhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth a Roinne atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht a dhéanamh sna meáin Ghaeilge agus an bhféadfadh sé a dheimhniú go mbainfidh na comhlachtaí sin amach roimh dheireadh na bliana an céatadán 5% a leagtar sios in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [56016/23]

View answer

Written answers

I propose to take Questions Nos. 145 and 146 together.

Úsáideann an Roinn Gnóthaí Eachtracha feachtais feasachta poiblí chun eolas maidir le seirbhísí riachtanacha ar nós seirbhísí pasanna agus consalachta nó beartais a chur ar fáil do mhuintir na hÉireann in Éirinn agus thar lear. Baineann an Roinn úsáid as raon leathan ardáin mean chun dul i bhfeidhm ar an méid is mó daoine is gur féidir, le cinntiú go bhfuil teachtaireachtaí seirbhíse poiblí na Roinne feiceálach do shaoránaigh – is é sin ar an raidió, sna méain chlóite agus ar line, na meáin shóisialta san áireamh.

Tógann mo chuid Roinne na dualgais atá leagtha amach in Acht na dTeangacha Oifigiúla go han-dáiríre. Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha tiomanta don dualgas atá orainn seirbhísí ar ard-chaighdeán a chur ar fáil i nGaeilge do shaoránaigh, riachtanais fógraíochta an Achta san áireamh. Ó tháinig na riachtanais nua i bhfeidhm i mí Dheireadh Fómhair 2022, tá tréaniarracht déanta ag mo Roinn cloí leo.

Is dushlán ollmhór é 5% de bhuiséad fógraíochta comhlachtaí poiblí a chaitheamh ar fhógraíocht sna meáin Ghaeilge amháin toisc an líon teoranta comhlacht meáin a chomhlíonann forálacha an Achta.

Mar is eol don Teachta, níl ach aon stáisiúin raidió lánGhaeilge amháin ar fáil go náisiúnta ar FM. Ní ghlacann an stáisiúin sin le fógraíocht. Níl ach stáisiún trádála amháin a bhíonn ag craoladh i nGaeilge ar FM agus a ghlacann le fógraíocht. Stáisiún atá ar fáil i gceantar Bhaile Átha Cliath amháin. Go dtí seo i 2023, tá 4.29% de bhuiseád fógraíochta na Roinne caite ar fhógraí raidió i nGaeilge.

Ó thaobh na meáin chlóite de, tá nuachtán náisiúnta amháin a bhfuil forlíonadh Ghaeilge ar fáil ann. Go dtí seo, in 2023 tá 5.97% de bhuiseád fógraíochta na Roinne caite ar fhógraí clóite i nGaeilge.

Tá dushlán níos mó ag baint le fógraíocht ar líne. Ag an bpointe seo, ní ann do chainéal ar na mheáin shóisialta a chomhlíonann foralácha an Achta don 5% agus is beag rogha eile atá ann ar líne. Go dtí seo, in 2023, ta 2.81% den bhuiseád fógraíochta na Roinne caite ar fhógraí ar líne i nGaeilge.

Oibreoidh mo Roinn go dlúth leis an gCoimisinéir Teanga le cinntiú go bhfuilimid ag déanamh gach iarracht chun cloí leis an reachtaíocht chuí.

Maidir le ceist 56016/23 ba mhaith liom a chur in iúl don Teachta, nach dtagann aon chomhlacht poiblí eile faoi scáth na Roinne Ghnóthaí Eachtraí .

Question No. 146 answered with Question No. 145.
Top
Share