Skip to main content
Normal View

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Dáil Éireann Debate, Thursday - 14 December 2023

Thursday, 14 December 2023

Questions (147, 148)

Éamon Ó Cuív

Question:

147. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha cén céatadán de bhuiséad fógraíochta a Roinne do 2023 atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht a dhéanamh i nGaeilge agus an bhféadfadh sé a dheimhniú go mbainfear amach roimh dheireadh na bliana an céatadán 20% a leagtar síos in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [56034/23]

View answer

Éamon Ó Cuív

Question:

148. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha cén céatadán de bhuiséad fógraíochta 2023 na gcomhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth a Roinne atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht i nGaeilge agus an bhféadfadh sé a dheimhniú go mbainfidh na comhlachtaí sin amach roimh dheireadh na bliana seo an céatadán 20% a leagtar sios in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [56052/23]

View answer

Written answers

I propose to take Questions Nos. 147 and 148 together.

Úsáideann an Roinn Gnóthaí Eachtracha feachtais feasachta poiblí chun eolas maidir le seirbhísí riachtanacha ar nós seirbhísí pasanna agus consalachta nó beartais a chur ar fáil do mhuintir na hÉireann in Éirinn agus thar lear. Baineann an Roinn úsáid as raon leathan ardáin mean chun dul i bhfeidhm ar an méid is mó daoine is gur féidir, le cinntiú go bhfuil teachtaireachtaí seirbhíse poiblí na Roinne feiceálach do shaoránaigh – is é sin ar an raidió, sna méain chlóite agus ar line, na meáin shóisialta san áireamh.

Tógann mo chuid Roinne na dualgais atá leagtha amach in Acht na dTeangacha Oifigiúla go han-dáiríre. Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha tiomanta don dualgas atá orainn seirbhísí ar ard-chaighdeán a chur ar fáil i nGaeilge do shaoránaigh, riachtanais fógraíochta an Achta san áireamh. 

Ó tháinig na riachtanais nua i bhfeidhm i mí Dheireadh Fómhair 2022, tá tréaniarracht déanta ag mo Roinn cloí leo. Tá solathróir seirbhíse seachtraí ag tacú leis an Roinn na dualgais monatóireachta seo a chomhlíonadh. De réir forálacha an Achta, cuirfidh an Roinn tuairisc faoi bhráid an Choimisineára Teanga i Ráithe 1, 2024. 

Maidir le ceist 56052/23 ba mhaith liom a chur in iúl don Teachta, nach dtagann aon chomhlacht poiblí eile faoi scáth na Roinne Ghnóthaí Eachtraí .

Question No. 148 answered with Question No. 147.
Top
Share