Mar is eol don Teachta, foráiltear le hAlt 10.1A d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, arna leasú, nach foláir gur i nGaeilge a bheidh 20% ar a laghad d’fhógraíocht. Tá treoir úsáideach ina leith sin curtha ar fáil, chomh maith, ag an gCoimisinéir Teanga.
Is féidir liom a chur in iúl don Teachta go dtuigeann mo Roinnse an gá atá leis an sprioc sin a bhaint amach agus, chuige sin, déantar monatóireacht ar ghníomhaíocht fógraíochta thar chainéil meáin shóisialta, agus déantar an ghníomhaíocht sin a thomhas. Tá áthas orm a thuairisciú go gcomhlíonann 25.1% den ghíomhaíocht fógraíochta sin go nuige seo ceanglas Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, arna leasú, mar fhógraíocht ‘arna déanamh i nGaeilge’.
Is féidir liom a chur in iúl don Teachta, thairis sin, go gcuirfidh mo Roinnse, i gcomhréir le ceanglais dlí, tuarascáil mhionsonraithe ar fáil d’Oifig an Choimisinéara Teanga ar an ngíomhaíocht fógraíochta i nGaeilge i 2023 in am do sprioc Mhárta 2024. Táim muiníneach, de bharr na ngníomhartha thuas, gur féidir linn an ceanglas 20% dár gcuid fógraíochta a dhéanamh i nGaeilge a bhaint amach.