Skip to main content
Normal View

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Dáil Éireann Debate, Thursday - 14 December 2023

Thursday, 14 December 2023

Questions (397, 399)

Éamon Ó Cuív

Question:

397. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Dlí agus Cirt cén céatadán de bhuiséad fógraíochta 2023 na gcomhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth a Roinne atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht a dhéanamh sna meáin Ghaeilge agus an bhféadfadh sé a dheimhniú go mbainfidh na comhlachtaí sin amach roimh dheireadh na bliana an céatadán 5% a leagtar sios in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [56020/23]

View answer

Éamon Ó Cuív

Question:

399. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Dlí agus Cirt cén céatadán de bhuiséad fógraíochta 2023 na gcomhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth a Roinne atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht i nGaeilge agus an bhféadfadh sé a dheimhniú go mbainfidh na comhlachtaí sin amach roimh dheireadh na bliana seo an céatadán 20% a leagtar sios in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [56056/23]

View answer

Written answers

I propose to take Questions Nos. 397 and 399 together.

Níorbh fhéidir an t-eolas a chur i dtoll a chéile san achar iarrtha ama. Rachaidh mé i dteagmháil leis an Teachta go díreach a luaithe a bheidh an t-eolas ar fáil.

Top
Share