Skip to main content
Normal View

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Dáil Éireann Debate, Thursday - 14 December 2023

Thursday, 14 December 2023

Questions (432, 434)

Éamon Ó Cuív

Question:

432. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén céatadán de bhuiséad fógraíochta a Roinne do 2023 atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht a dhéanamh sna meáin Ghaeilge agus an bhféadfadh sé a dheimhniú go mbainfear amach roimh dheireadh na bliana an céatadán 5% a leagtar síos in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [55989/23]

View answer

Éamon Ó Cuív

Question:

434. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén céatadán de bhuiséad fógraíochta a Roinne do 2023 atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht a dhéanamh i nGaeilge agus an bhféadfadh sé a dheimhniú go mbainfear amach roimh dheireadh na bliana an céatadán 20% a leagtar síos in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [56027/23]

View answer

Written answers

I propose to take Questions Nos. 432 and 434 together.

Úsáideann mo Roinn fógraíocht chun eolas a sholáthar don phobal faoi raon leathan scéimeanna, seirbhísí agus polasaithe na Roinne. Áirítear leis seo fógraíocht i nGaeilge.

Tá mo Roinn tiomanta go hiomlán do na ceanglais mar atá leagtha amach faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 a chomhlíonadh.

De réir an Achta, beidh gach eolas ar fhógraíocht Ghaeilge mo Roinne do 2023 le chéile agus curtha faoi bhráid an Choimisinéara Teanga faoin 10 Márta 2024 lena fhoilsiú ina dhiaidh sin.

Top
Share