Skip to main content
Normal View

Caiteachas Gaeilge agus Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 15 February 2024

Thursday, 15 February 2024

Questions (2)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

2. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an ndéanfaidh sí míniú a thabhairt ar cén fáth nár caitheadh ach €208,668 ar thogra amháin Gaeilge faoi Thionscnamh an Oileáin Comhroinnte i gcomparáid le breis is €9 milliún ar thograí ealaíona agus cultúir, agus an bhfuil sé i gceist aici an éagóir sin a cheartú trí bhreis infheistiú a chur isteach san earnáil Ghaeilge go luath; and if she will make a statement on the matter. [7349/24]

View answer

Oral answers (6 contributions)

Sula dtosaím, déanaim pointe ó thaobh prótacal de mar arís tá "and if she will make a statement on the matter" i mBéarla curtha leis na ceisteanna seo. Níl a fhios agam cén fáth é sin. Níl an locht ar an Aire í féin ach tá mé a lua ó thaobh an chórais sa Teach.

Tá mé ag iarraidh ar an Aire freagra a thabhairt ar an scannal atá nochtaithe ag Tuairisc.ie inné, bunaithe ar na freagraí a thug an tAire Stáit dom seachtain ó shin, a léirigh go bhfuil maoiniú ó chiste an oileáin chomhroinnte ag déanamh an éagóir a rinneadh i leith na Gaeilge níos measa.

Tá maoiniú dár luach €2 milliún ceadaithe do mo Roinn go dtí seo ó chiste an oileáin chomhroinnte. Tá sé seo dírithe ar thionscadail in earnáil na Gaeilge agus na hUltaise, ar mhaithe le tuiscint níos fearr a chothú ar oidhreacht teanga agus cultúir an oileáin ar fad. Tá an t-allúntas seo ar fáil le caitheamh idir seo agus deireadh na bliana seo chugainn.

Anuas air sin, dár ndóigh, tá soláthar iomlán d’os cionn €18.7 milliún i Meastacháin mo Roinne i mbliana do chomhoibriú trasteorann chun tacú, ach go h-áirithe, le hobair an Fhorais Teanga chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud an oileáin agus chun feasacht agus úsáid níos leithne na hUltaise agus cultúr na hUltaise a chur chun cinn. Agus an cheist seo á plé, is ceart a thabhairt san áireamh nach bhfuil a leithéid de shocrú institiúideach ar fáil in earnáil na n-ealaíon agus an chultúir. Leanann oifigigh mo Roinne ag plé le grúpaí éagsúla maidir le tograí féideartha atá ag teacht le spriocanna an tionscadail uile-rialtais seo agus a d'fhéadfadh a bheith oiriúnach le cur faoi bhráid an Rialtais mar chuid de na cinntí faoi chaitheachas faoi chiste an oileáin chomhroinnte. Is í aidhm an oileáin chomhroinnte ná an oiread leas agus is féidir a bhaint as na deiseanna ar fad a eascraíonn as Comhaontú Aoine an Chéasta chun comhoibriú, caidreamh agus comhthuiscint a fheabhsú ar an oileán seo chun teacht ar chomhaontú maidir le todhchaí chomhroinnte.

Cheana féin, mar chuid den airgead atá curtha ar fáil ag mo Roinn, tá tacaíocht á cur ar fáil don obair atá ar bun faoi láthair ag Naíscoil na Seolta in oirthear Bhéal Feirste. Tá os cionn €200,000 curtha ar fáil don naíscoil tríd an gciste go dtí seo. Is tionscadal fíorthábhachtach é seo d'fhorbairt na Gaeilge i mBéal Feirste. Leanfaidh mise agus mo Roinn ag plé go dlúth le grúpaí eile a bhfuil ábhair thionscadail ar intinn acu in earnáil na Gaeilge a chuirfeadh le tionscnamh an oileáin chomhroinnte.

Gabhaim buíochas leis an Aire. Fáiltím dár ndóigh roimh an caiteachas de bhreis is €200,000 ar Naíscoil na Seolta in oirthear Bhéal Feirste, ach fágann sé sin go bhfuil €1.8 milliún den airgead atá ceadaithe nach bhfuil caite go fóill. Is €2 mhilliún san iomlán a ceadaíodh ó chiste an oileáin chomhroinnte. Is féidir é sin a chur i gcomparáid leis an €9.2 milliún atá caite cheana féin ar thograí ealaíona agus cultúrtha. Is í sin an áit ina bhfuil an fhadhb bhunúsach. Cén fáth go bhfuil ceist na Gaeilge chomh tubaisteach sin maidir leis an gciste seo? Tá go leor tograí ann agus ní gá ach féachaint ar thuairisc ón choiste Oireachtais ar an obair ar fad atá ag tarlú ó thaobh na Gaeilge ar fud na Sé Chontae agus a bhfuil airgead de dhíth orthu a d'fhéadfaidís a chaitheamh go han-éasca. Cén fáth go bhfuil an t-idirdhealú seo idir na tograí cultúir agus ealaíona agus na tograí Gaeilge chomh tubaisteach?

Mar a luaigh mé, agus mar a luaigh an tAire Stáit, i bhfreagra na ceiste ar an ábhar seo le déanaí, go dtí seo tá maoiniú dár luach €2 mhilliún ó chiste an oileáin chomhroinnte ceadaithe do mo Roinn trí chinneadh Rialtais. Mar is eol don Teachta, ceann de na haidhmeanna atá ag an tionscnamh oileáin chomhroinnte ná oiread leas agus is féidir a bhaint as na deiseanna ar fad a eascraíonn as Comhaontú Aoine an Chéasta. Táthar ag iarraidh comhoibriú, caidreamh agus comhthuiscint a fheabhsú ar an oileán agus teagmháil a dhéanamh le gach pobal agus gach traidisiún in iarracht teacht ar chomhaontú maidir le todhchaí chomhroinnte. Tá oifigí mo Roinne ag plé le grúpaí éagsúla maidir le tograí féideartha atá ag teacht le spriocanna an tionscadail uile-rialtais. D'fhéadfadh go mbeadh na tograí seo oiriúnach le cur faoi bhráid an Rialtais amach anseo mar chuid de na cinntí faoi chaiteachas chiste an oileáin chomhroinnte.

Agus sinn ag freastal ar an bpobal uile, tá an maoiniú seo dírithe ar thionscadal in earnáil na Gaeilge agus na hUltaise araon, arís ar mhaithe le tuiscint níos fearr a chothú ar oidhreacht teanga agus ar chultúr an oileáin trí chéile. Is céim an-dearfach í an infheistíocht bhreise seo lena dtugtar aitheantas don tábhacht atá leis an nGaeilge chomh maith leis an Ultais le Comhaontú Aoine an Chéasta agus beidh sí mar thaca aige sin. Neartóidh seo an caidreamh Thuaidh-Theas tuilleadh agus cuideofar chun caidrimh nua a chruthú agus a chothú idir pobail ar gach aon taobh den Teorann.

Gabhaim buíochas leis an Aire. Is ag tacú le hoidhreacht chomhroinnte atá aon chaiteachas ar thograí Gaeilge mar ní bhaineann an oidhreacht seo le haon ghlúin, aon chine, nó le haon dream ar leith. Tá géarchéim ann ó thaobh caiteachas, mar is eol don Aire, ina lán de na tograí agus na heagrais atá ag obair sna Sé Chontae agus sa Deisceart.

Luaigh an tAire an €18 milliún atá le roinnt idir Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise ach níor luaigh sí nach gcaithtear ach 8% den airgead a chaitheann an Roinn - maoiniú na Roinne - ar an nGaeilge in ainneoin go bhfuil 31% á chaitheamh ar an ealaíon agus ar an chultúr. Tá an cóimheas maoinithe sin á ardú de shíor agus is léir go bhfuil an rud céanna ag teacht isteach sa caiteachas faoi scéim an oileáin chomhroinnte seo. Tá an cóimheas sin léirithe sa ráiteas a d'fhoilsigh Chonradh na Gaeilge agus 130 eagrais eile agus sa phlean fáis atá acu.

Mar a dúirt mé, tá soláthar iomlán d'os cionn €18.7 milliún i Meastacháin mo Roinne do chomhoibriú trasteorann le háirítear leathdhála ós cionn €18 milliún chun tacú le hobair an Fhorais Teanga chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud an oileáin agus chun feasacht agus úsáid níos leithne na hUltaise agus cultúr na hUltaise a chur chun cinn. Cuirfidh an Roinn os cionn €12.3 milliún ar fáil d'Fhoras na Gaeilge in 2024. Anuas air sin, tá €700,000 curtha ar fáil i mbuiséid 2024 don Fhoras Teanga Thuaidh-Theas. Cuirfear an maoiniú breise seo ar fáil don dá áisíneacht sa bhForas Teanga nuair a bheidh sé ceadaithe ag an gComhairle Aireachta Thuaidh-Theas. Leanfaidh oifigigh mo Roinne ag obair le hoifigigh sa Roinn Pobal i dTuaisceart na hÉireann, an Roinn urraíochta eile de chuid an Fhoras Teanga Thuaidh-Theas, agus anois go bhfuil na hinstitiúidí i dTuaisceart na hÉireann ar ais ag feidhmiú, tá súil agam gur féidir dul chun cinn a dhéanamh maidir le buiséid 2024. Leanfaidh mé ar aghaidh freisin ag féachaint ar dheiseanna tacaíochta aonuaire a thabhairt do thograí ar leith nach dtagann faoi scáthchlár an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas.

Top
Share