Skip to main content
Normal View

Curaclam Scoile

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 20 February 2024

Tuesday, 20 February 2024

Questions (296)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

296. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais an féidir léi míniú a thabhairt ar an líon ard daltaí, 669 dalta, ar bronnadh díolúine orthu sa scoilbhliain 2022/23 bunaithe ar an gcritéar nua i gciorclán 0054/2022 a dhéanann soláthar den chéad uair do dhaltaí a bhfuil leibhéal ard riachtanas iolrach agus leanúnach acu atá ina mbac suntasach ar a rannpháirtíocht agus a rannpháirtíocht ina saol foghlama agus scoile; de réir an téacs seo a leanas ón gciorclán (sonraí tugtha) níor chóir díolúine a bhronnadh ach i gcúinsí an-eisceachtúla. [7765/24]

View answer

Written answers

Ba mhian liom cur in iúl don Teachta gur tugadh díolúine ó staidéar na Gaeilge do 1,060 dalta bunscoile (0.19%) i 2022/23 faoin chritéar nua in imlitir 0054/2022, sin “Dalta a mbíonn leibhéal ard riachtanas iolrach agus leanúnach acu atá ina bhac suntasach ar rannpháirtíocht agus rannpháirtíocht an dalta ina saol foghlama agus scoile”.

Ní mór féachaint ar staitisticí 2022/23 i gcomhthéacs níos leithne:

• Is í an chéad bhliain í de chur i bhfeidhm na ciorcláin nua, mar sin tá cohórt daltaí ag gach leibhéal nach mbeadh na critéir dhíolúine ó staidéar na Gaeilge á chomhlíonadh acu roimhe seo.

• Tá rollú scoile tar éis méadú faoi nach mór 44,000 le 5 bliana anuas, méadú 12% ag an leibhéal iar-bhunscoile agus laghdú beag de thart ar 1% ag an mbunleibhéal.

• Chláraigh níos mó ná 18,000 scoláire ón Úcráin amháin le 2 bhliain anuas, 11,165 acu sin ag an mbunleibhéal.

• Ag an mbunleibhéal, tháinig 72,003 dalta isteach sa chóras oideachais ó thíortha eile le 5 bliain anuas. Agus ag leibhéal na hiar-bhunscoile, tháinig 36,629 scoláire isteach sa chóras oideachais ó thíortha eile le linn an thréimhse céanna.

• I rith an tréimhse cúig bliana seo d’fhás méid an ráta uathachais ó 1.8% go dtí níos mó ná 3.2%.

• Tá beagnach 9,000 dalta cláraithe anois i Scoileanna Speisialta agus beagnach 18,500 scoláire eile cláraithe i ranganna speisialta.

• Ó 2017/18 anuas, tá laghdú tagtha ar chéatadán na scoláirí bunscoile a bhfuil díolúine acu ó staidéar na Gaeilge ó 3.3% go 2.34%.

Tá mo Roinn tar éis scríobh chuig gach Príomhoide iar-bhunscoile, agus tá sí i mbun scríobh chuig príomhoidí bunscoileanna, chun meabhrú dóibh faoi na ciorcláin agus critéir iomchuí faoinar féidir díolúine a bhronnadh agus go mbeidh a gcomhaid dhíolúine réidh acu ionas gur féidir le m’oifigigh spotseiceálacha a dhéanamh lena chinntiú go ndéanann na scoileanna díolúintí a bhronnadh agus iad ag cloí go docht le forálacha na ciorcláin. Déanfar leibhéal áirithe iniúchta ar scoileanna maidir le cur i bhfeidhm na gciorclán, bunaithe ar na sonraí atá ar fáil don Roinn.

Tá raon leathan gníomhaíochtaí á chur i bhfeidhm ag mo Roinn chun tacú le múineadh agus foghlaim na Gaeilge lena n-áirítear:

• an Polasaí don Oideachas Gaeltachta agus polasaí a fhorbairt don Oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.

• Tacaíochtaí atá curtha ar fáil trí COGG

• Athchóiriú curaclaim ar gach leibhéal

• Clár nua Oideachas Tosaigh Múinteoirí Lán-Ghaeilge ar a bhfuil 30 áit bhreise ar fáil ón bhliain 2023-24.

• Oideachas agus oiliúint Múinteoirí

• Maoiniú a sholáthar d’Fhoras na Gaeilge chun dul chun cinn a dhéanamh ar thionscnaimh áirithe.

• Obair leanúnach ar an tionscadal um Fhoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga (FCÁT).

Léiríonn na tograí agus na gníomhartha atá leagtha amach agam mo thiomantas féin agus thiomantas mo Roinn don Ghaeilge agus do chur chun cinn na ngníomhaíochtaí a bhaineann le hoideachas teanga sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.

Top
Share