Ba mhaith liom a chur in iúl don Teachta Dála gur seo a leanas an méid ama sa tseachtain a thugtar le haghaidh mhúineadh na Gaeilge inár mbunscoileanna;
Bliain
|
Teanga 1 na Scoile –naíonáin (méid ama sa tseachtain)
|
Teanga 1 na Scoile – rang a haon go rang a sé (méid ama sa tseachtain)
|
Teanga 1 na Scoile – rang a haon go rang a dó (méid ama sa tseachtain)
|
Teanga 1 na Scoile – rang a trí go rang a sé (méid ama sa tseachtain)
|
Teanga 1 na Scoile – rang a haon go rang a sé (méid ama sa tseachtain)
|
Teanga 2 na Scoile – rang a haon go rang a sé (méid ama sa tseachtain)
|
1990
|
Níor cuireadh aon mholtaí ama ar fáil i gcuraclam 1971. Tugadh méid ama isteach den chéad uair in 1999.
|
|
|
|
|
|
1999
|
3 uair an chloig
|
4 uair an chloig
|
N/A
|
N/A
|
2 uair agus 30 nóiméad
|
3 uair agus 30 nóiméad
|
2011
|
De réir na Straitéise Náisiúnta chun an Litearthacht agus an Uimhearthacht a Fheabhsú i measc Leanaí agus Daoine Óga 2011-20, iarradh ar bhunscoileanna níos mó ama a chaitheamh ar litearthacht agus ar uimhearthacht. Ó mhí Eanáir 2012 ar aghaidh, bhí ar scoileanna: níos mó ama a chaitheamh ar litearthacht, go háirithe ar litearthacht i dteanga 1 na scoile, méadú uair an chloig ar an iomlán in aghaidh na seachtaine (i.e. go 6.5 uair an chloig do na naíonáin, agus go 8.5 uair an chloig do rang a haon go rang a sé.)
|
|
|
|
|
|
2023
|
4 uair an chloig agus 45 nóiméad
|
3 uair an chloig agus 45 nóiméad
|
4 uair an chloig agus 45 nóiméad
|
3 uair an chloig agus 45 nóiméad*
|
2 uair an chloig agus 30 nóiméad
|
3 uair an chloig
|
Cuirfear uair an chloig sa tseachtain ar fáil do rang a trí ar aghaidh le teanga iasachta nua-aimseartha a fhoghlaim – tiocfaidh laghdú 60 nóiméad sa tseachtain ar theagasc theanga 1 na scoile.
Cuirtear leis an méid ama sa tseachtain le haghaidh na Folláine i gCreatchuraclam na Bunscoile agus cuirtear uair an chloig sa tseachtain ar fáil chun teangacha iasachta a thabhairt isteach ó rang a trí ar aghaidh. D’fhonn na hathruithe sin a dhéanamh, b’éigean am a ghlacadh ó gach réimse eile den churaclam, teangacha san áireamh. I dtaca leis sin, ba chóir an méid seo a leanas a thabhairt faoi deara;
Baintear úsáid as teanga an teagaisc ar fud an churaclaim ar fad, i gcás gach ábhar, ní le linn an cheachta teanga amháin a fhoghlaimítear teanga an teagaisc.
Breithnítear i laghdú Theanga 1 taithí na scoláirí ar an dá bhliain réamhscoile shaora mar chuid de chlár Chúram agus Oideachas na Luath-Óige (ECCE). Léiríonn na figiúirí is déanaí go mbaineann thart ar 97% de scoláirí leas as an gclár seo agus go mbaineann siad tairbhe as an eispéireas foghlama teanga a fhaigheann siad ó Aistear– Creatchuraclam na Luath-Óige.
I scoileanna lán-Ghaeilge, is i nGaeilge a bhíonn fáil ar an gcuraclam ar fad, seachas curaclam an Bhéarla. D’fhonn tacú le sealbhú na Gaeilge, is féidir moill a chur ar thabhairt isteach fhoghlaim fhoirmiúil an Bhéarla go dtí rang a haon, chun cabhrú le bunús láidir sa teanga a fhorbairt.
Is curaclam comhtháite teanga é Curaclam Teanga na Bunscoile (2019), ncca.ie/en/primary/primary-developments/language/the-primary-language-curriculum/, a chabhraíonn le haistriú scileanna ó theanga amháin go teanga eile ag úsáid struchtúr comhroinnte agus cur chuige cabhrach i leith an teagaisc agus na foghlama.
Níl aon athrú ar an méid ama a mholtar a chaitheamh ar an nGaeilge i scoileanna Béarla i gcomparáid le curaclam 1999 le haghaidh na naíonán agus tá laghdú 30 nóiméad ar an méid ama le haghaidh rang a haon go rang a sé.
Is moltaí iad na huaireanta a luaitear laistigh de Chreatchuraclam na Bunscoile agus dearadh é le húsáid go solúbtha i scoileanna mar a rinneadh le curaclam 1999.
Tugann Am Solúbtha deis do scoileanna an t-am sin a úsáid le haghaidh tréimhsí fada grinnfhoghlama i gceann amháin nó níos mó de na cúig réimse curaclaim, lena n-áirítear i réimse na dteangacha. Athraíonn an méid ama sholúbtha atá ar fáil ag gach céim:
5 uair an chloig sa mhí sna Naíonáin Shóisearacha agus Shinsearacha (Céim 1)
6 uair an chloig sa mhí i rang 1 agus 2 (céim 2)
7 n-uair an chloig sa mhí i rang 3-6 (céimeanna 3 agus 4).
Le linn bliana, d'fhéadfadh scoil cinneadh a dhéanamh Fleisc-am a úsáid le haghaidh ceann amháin, cúpla ceann nó iad seo ar fad thíos chun freagairt do riachtanais/dúshláin maidir le teagasc agus foghlaim na Gaeilge:
tuilleadh ama sa tseachtain ag leibhéal na scoile don Ghaeilge ar feadh téarma/scoilbhliana de réir mar a ullmhaíonn múinteoirí eispéiris foghlama chuí shaibhre atá ag freagairt do riachtanais foghlama na scoláirí
tréimhsí fada grinnfhoghlama i ngnéithe d’fhoghlaim na Gaeilge (Seachtain na Gaeilge, teanga ó bhéal, filíocht, scéalta, logainmneacha)
gníomhaíochtaí scoile uile nó rannpháirtíocht i dtionscnaimh agus imeachtaí áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta a bhaineann leis an nGaeilge (drámaí, scéalaíocht, comórtais, nasc le scoileanna lán-Ghaeilge, cuairteanna ó chainteoirí Gaeilge, ceol agus amhráin na hÉireann, Cúla 4, Foghlaim TG4)
cuir chuige oideolaíocha ar leith a úsáid a bhaineann tairbhe as tréimhsí fada ama (Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha - múineann múinteoirí réimse curaclaim eile i nGaeilge le linn tréimhse ama).
Léiríonn Íos-Am Curaclaim an méid is lú ama sa tseachtain a mholtar le haghaidh Teanga, Matamaitice agus Folláine agus an tÍos-Am míosúil le haghaidh Oideachas Eolaíochta, Teicneolaíochta agus Innealtóireachta; Oideachas Sóisialta agus Comhshaoil; agus Oideachas Ealaíon.
Gníomhartha chun cabhrú le teagasc agus foghlaim na Gaeilge
Tá réimse leathan gníomhartha á ndéanamh ag an Roinn chun cabhrú le teagasc agus foghlaim na Gaeilge, lena n-áirítear:
Polasaí don Oideachas Gaeltachta agus polasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht a fhorbairt.
Tacaíochtaí teagaisc agus foghlama a chuireann COGG ar fáil
Athchóiriú curaclaim ag gach leibhéal
Clár nua Oideachais Tosaigh Múinteoirí i nGaeilge ina bhfuil 30 áit bhreise ar fáil le haghaidh 2023-24.
Oideachas agus oiliúint múinteoirí
Maoiniú a chur ar fáil d'Fhoras na Gaeilge chun roinnt tionscnamh a chur chun cinn
Obair leanúnach ar an tionscadal maidir le Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha (FCÁT).
Léiríonn na tionscnaimh agus na gníomhartha a leag mé amach thuas tiomantas na Roinne agus mo thiomantas féin i leith na Gaeilge agus i leith dhul chun cinn na ngníomhartha a bhaineann leis an oideachas teanga i Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.