Skip to main content
Normal View

Teagasc na Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 27 February 2024

Tuesday, 27 February 2024

Questions (222)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

222. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais an bhfuil painéal ar leith ann do mhúinteoirí agus do mhúinteoirí ionaid san earnáil lán-Ghaeilge, agus an ndéanfaidh sí cur síos ar an gcreatlach earcaíochta do scoileanna lán-Ghaeilge. [9049/24]

View answer

Written answers

Is meicníocht iad na socruithe ath-imlonnaithe a úsáidtear chun poist mhúinteoireachta a líonadh. Tá painéal ath-imlonnaithe dá chuid féin ag gach pátrún scoile, An Foras Pátrúnachta san áireamh.

Cruthaítear Príomhphainéil Ath-imlonnaithe do mhúinteoirí buan/múinteoirí CTÉ barrachais lena chinntiú go ndéantar folúntais a thairiscint do na múinteoirí seo ar an gcéad dul síos.

A luaithe a ath-imlonnaítear gach múinteoir buan/múinteoir CTÉ barrachais, ní mór do scoileanna folúntais bhuana a líonadh ó Phainéil Ath-imlonnaithe Fhorlíontacha atá comhdhéanta de mhúinteoirí cáilithe téarma seasta (sealadach/ionadach) agus páirtaimseartha. Ag an bpointe sin, féadfar folúntais ar théarma seasta a fhógairt trí chomórtas oscailte.

Nuair a bheidh painéal ath-imlonnaithe ídithe i limistéar, féadfaidh scoileanna a bhfuil folúntais bhuana acu sa limistéar sin dul ar aghaidh chuig comórtas oscailte chun na folúntais sin a líonadh. Féadfaidh aon mhúinteoir cur isteach ar na folúntais sin de réir mar a eascraíonn siad.

The redeployment arrangements are the mechanism used to fill teaching posts. Each school patron has its own redeployment panel, including An Foras Pátrunachta.

Main Redeployment Panels are created for surplus permanent/CID holding teachers in order to ensure that vacancies are offered in the first instance to these teachers. 

Once all surplus permanent/CID holding teachers are redeployed, schools are required to fill permanent vacancies from Supplementary Redeployment Panels comprised of eligible fixed-term (temporary/substitute) and part-time teachers.  At that point, fixed-term vacancies may be advertised through open competition.

Once a redeployment panel has been exhausted in an area, schools with permanent vacancies in that area may proceed to open competition to fill these vacancies. It is open to any teacher to apply for these vacancies as they arise.

Top
Share