Skip to main content
Normal View

Caiteachas Gaeilge agus Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 27 February 2024

Tuesday, 27 February 2024

Questions (247)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

247. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cé líon na naíonraí agus na naíscoileanna Gaeltachta a fhaigheann maoiniú ó Údarás na Gaeltachta. [9044/24]

View answer

Written answers

Níl aon scéim mhaoinithe faoi leith ag Údarás na Gaeltachta a chuireann tacaíocht dhíreach ar fáil do sheirbhísí luathoideachais sa Ghaeltacht. Tacaíonn Údarás na Gaeltachta leis an réimse luathoideachais trí Ghaeilge sa Ghaeltacht trí dheontas reáchtála a sholáthar ar bhun bliantúil don eagraíocht Comhar Naíonraí na Gaeltachta (CNNG).

Cuireann CNNG seirbhísí bainistíochta agus riaracháin ar fáil do sheirbhísí luathbhlianta sa Ghaeltacht. Tá CNNG ag gníomhú ar fud na Gaeltachta agus oibríonn an eagraíocht i gcomhar leis na pobail Ghaeltachta lena chinntiú go bhfuil seirbhísí luathbhlianta trí Ghaeilge ar fáil. Sa scoilbhliana reatha 2023/2024, tá 1,983 páiste ag freastal ar 130 seirbhís luathbhlianta atá faoi scáth Chomhar Naíonraí na Gaeltachta, 68 seirbhís naíonra agus 10 seirbhís naíolainne ina measc.

Top
Share