Skip to main content
Normal View

Teagasc na Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 27 February 2024

Tuesday, 27 February 2024

Questions (248)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

248. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén bhliain inar cuireadh tús le Scéim Labhairt na Gaeilge a bhí ann roimhe seo agus cén ráta a bhí i gceist in aghaidh an pháiste tráth a cuireadh tús leis an scéim sin. [9046/24]

View answer

Written answers

Bhí Scéim Labhairt na Gaeilge ar cheann de na Scéimeanna Gaeltachta a bhí á reáchtáil ag an Roinn le fada an lá. Ba é cuspóir na scéime muintir na Gaeltachta a spreagadh chun labhairt na Gaeilge a chur chun cinn sa teaghlach agus sa phobal i gcoitinne.

Cuireadh tús le Scéim Labhairt na Gaeilge sa bhliain 1935 (£2 an páiste a bhí ann ag an am) agus ní dhearnadh athbhreithniú (seachas an deontas a mhéadú) gur fiú trácht air go dtí 1993. Le cead na Roinne Airgeadais cuireadh tús le scéim leasaithe sa scoilbhliain 1993/94. Ba é an difríocht bhunúsach a bhain leis an scéim leasaithe gur deontas don teaghlach in áit deontas don pháiste aonarach scoile a bhí i gceist. Chomh maith leis sin, cungaíodh an scéim go dtí na Limistéir Ghaeltachta amháin – roimhe sin bhíodh sé le fáil i gceantracha áirithe lasmuigh den Ghaeltacht. Ag an am, méadaíodh an deontas ó £10 don pháiste go £200 den teaghlach. D’fhéadfaí ag an am deontas laghdaithe £100 a íoc mura raibh an t-ardchaighdeán a bhí riachtanach don Scéim ag an teaghlach. Faoin am gur cuireadh deireadh leis an scéim sa bhliain 2011, bhíodh deontas €260 in aghaidh na scoilbhliana á íoc le teaghlaigh sa Ghaeltacht a shásaigh an Roinn gurb í an Ghaeilge a ngnáth-theanga labhartha

Top
Share